Tá tú anseo:
Ár bhFoireann
Tá foireann an OCO comhdhéanta de Ghearáin agus Imscrúduithe; Rannpháirtíocht agus Oideachas maidir le Cearta; Beartas agus Taighde; Seirbhísí Cumarsáide agus Corparáide.
Freagraíonn an Fhoireann Gearán agus Imscrúduithe chuig gearáin ón bpobal faoi sheirbhísí a chuirtear ar fáil do leanaí. Bíonn siad ag caint leo siúd a dhéanann gearáin d’fhonn níos mó a fháil amach maidir lena bhfadhb agus idirghníomhaíonn siad go díreach leis an gcomhlacht poiblí. Déanann Foireann Gearán agus Imscrúduithe an OCO iarracht fadhbanna a réiteach go luath. Mura féidir leo, scrúdóidh siad ansin an fhadhb a thuilleadh agus i gcásanna áirithe déanfaidh siad imscrúdú iomlán.
Ritheann an Fhoireann Rannpháirtíochta agus Oideachas maidir le Cearta ár gceardlanna agus seimineáir. Tá an fhreagracht acu chun feasacht a mhúscailt ar chearta leanaí trí chaidreamh agus chomhairliúchán a dhéanamh go díreach le leanaí agus daoine óga.
Tá an Fhoireann Beartais agus Taighde freagrach as aighneachtaí agus comhairle arna déanamh ag an OCO chuig an Rialtas, na NA nó comhlachtaí eile. Déanann siad taighde ar cheisteanna a bhaineann le cearta leanaí agus cinntíonn siad go dtugtar eolas ar chaighdeáin idirnáisiúnta maidir le cearta an duine don Ombudsman agus don chuid eile den Fhoireann OCO.
Cinntíonn Foireann na Seirbhísí Corparáide ag an OCO go ritear an Oifig go héifeachtacht agus go gcomhlíontar le feidhmiú na hoifige le gach reachtaíocht ábhartha mar comhlacht reachtúil.
Déileálann an Fhoireann Cumarsáide le ceisteanna ó na meáin, le foilseacháin an OCO, lenár suíomh gréasáin agus n-ardáin na meán sóisialta. Ina theannta sin tugann siad tacaíocht le agus cuireann siad obair eile a tharlaíonn trasna na hoifige chun cinn. Is é ról na Foirne Cumarsáide ná an OCO a dhéanamh níos inrochtana agus cabhrú le daoine ár dtuairimí ar cheisteanna a bhaineann le cearta leanaí a thuiscint.