Tá tú anseo:
Taighde ar Chearta Linbh
Déanann Oifig an Ombudsman do Leanaí taighde ar fadhbanna tábhachtacha ag cur as do leanaí.
Baineann an taighde seo le:
- Féachaint ar tuarascáil agus fianaise eile maidir le fadhbanna atá ag cur as do leanaí in Éirinn
- Samplaí a fháil ag taispeáint an dóigh a chosnaítear chearta leanaí í dtíortha eile
- Éisteacht le dearcthaí agus taithí leanaí
- Éisteacht le dearcthaí agus taithí thuismitheoirí, chúramóirí agus daoine proifisiúnta atá ag obair le leanaí.
Tugann an taighde seo tuiscint dúinn cé acu an bhfuil cearta leanaí á chosaint, agus baineann muid úsáid as na torthaí seo agus taithí na leanaí, na teaghlaigh agus na daoine proifisiúnta in ár gcuid oibre. Spreagann sé an Rialtas agus comhlachtaí phoiblí dul i mbun oibre i ndóigh a fhorbraítear cearta agus leas leanaí.
Obair dheireanach agus obair leanúnach
Riarachán Linbhlárnach: Comhairliúchán
Choimisiúnaigh muid Clinic Dlí Leanaí, Scoil an Dlí, Coláiste na hOllscoile Corcaigh, an staidéar seo a dhéanamh. Scrúdaítear an dóigh a chuirtear chun tosaigh cearta leanaí agus an dóigh a chosnaítear iad maidir le gníomhartha agus cinntí chomhlachtaí riaracháin (mar shampla Ranna Rialtais, scoileanna, seirbhísí chun leanaí agus daoine óga a chosaint, agus otharlanna). Scrúdaigh an fhoireann taighde cuid de na gearáin déanta d’Oifig an Ombudsman Leanaí agus labhair siad le leanaí agus teaghlaigh faoin a gcuid taithí. Tá sé ar intinn acu labhairt le daoine proifisiúnta atá ag obair i sheirbhísí riaracháin poiblí i 2017. Foilseofar tuairisc faoin staidéar agus é críochnaithe.
Dearbhú Chearta Linbh 1924
I 1924, toiligh Conradh na Náisiún le Dearbhú Chearta Linbh, nó Dearbhú na Ginéive. I 2015, thug bean, darbh ainm Bobby Ryan, cóip de Dearbhú na Ginéive a bhí curtha ar fáil ag Fóir ar na Páistí Éireann i rith na 1920í dúinn. Tá an chóip sínithe ag daoine mór le rá i saol na hÉireann san am, ina measc Dubhghlas de hÍde, Liam T MacCosgair, Éamon de Valera agus Eoin Mac Néill.
I 2016, choimisiúnaigh muid taighde le tuilleadh eolais a fháil faoin chóip seo den Dearbhú 1924 agus faoin dóigh a d’úsáidfí í. Tá sé ar intinn againn tuairisc faoin taighde seo a fhoilsiú le linn 2017 mar chuid den chlár atá pleanáilte chun 25 bliain de dhaingniú Choinbhinsiúin um Chearta an Linbh ag Éire a chomóradh.