Skip to main content

Tá tú anseo:  

Achoimre ar Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe um Chearta an Linbh

Scríobh CÉINAL an achoimre seo

Íoslódáil póstaer an OCO ar Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe um Chearta an Linbh.UN_EN_Thumb

UNCRC Poster (English) / UNCRC Póstaer (Gaelige)

Airteagal 1

Tá na cearta seo ag gach duine faoi 18 mbliana d’aois.

Airteagal 2

Tá na cearta sin ag gach leanbh, beag beann ar cé hé nó í, cá bhfuil cónaí orthu, cad a dhéanann a dtuismitheoirí, cén teanga atá acu, cén creideamh atá acu, cibé acu buachaill nó cailín iad, cad é an cultúr atá acu, cibé an bhfuil míchumas orthu, cibé an bhfuil siad saibhir nó bocht. Níor cheart go gcaithfí le haon leanbh go héagórach ar aon bhonn.

Airteagal 3

Ba cheart go ndéanfadh gach duine fásta an rud is fearr duit. Nuair a dhéanann daoine fásta cinntí, ba chóir dóibh smaoineamh ar conas a rachaidh a gcinntí i bhfeidhm ar leanaí.

Airteagal 4

Tá freagracht ar an rialtas a chinntiú go gcosnaítear do chearta. Ní mór dóibh cabhair a thabhairt do do theaghlach chun do chearta a chosaint agus chun timpeallacht a chruthú inár féidir leat fás agus barr do chumais a bhaint amach.

Airteagal 5

Tá an fhreagracht ar do theaghlach cabhair a thabhairt maidir le conas is féidir leat do chearta a fheidhmiú, agus chun a chinntiú go gcosnaítear do chearta.

Airteagal 6

Tá an ceart agat a bheith beo.

Airteagal 7

Tá an ceart agat ar ainm, agus ba chóir go n-aithneodh an rialtas é seo go hoifigiúil. Tá an ceart agat ar náisiúntacht (a bheith mar chuid de thír).

Airteagal 8

Tá an ceart agat ar fhéiniúlacht – taifead oifigiúil ar cé thú féin. Níor cheart d’aon duine é seo a bhaint uait.

Airteagal 9

Tá an ceart agat a bheith i do chónaí le do thuismitheoir(í), mura bhfuil sé go dona duit. Tá an ceart agat a bheith i do chónaí le teaghlach a bhfuil aird acu ort.

Airteagal 10

Má tá tú i do chónaí i dtír eile ná do thuismitheoirí, tá an ceart agat a bheith le chéile san áit chéanna.

Airteagal 11

Tá an ceart agat a bheith cosanta ó fhuadach.

Airteagal 12

Tá an ceart agat do thuairim a thabhairt, agus go n-éistfeadh daoine fásta leat agus go nglacfadh siad léi i ndáiríre.

Airteagal 13

Tá an ceart agat rudaí a fháil amach agus an méid a cheapann tú a roinnt le daoine eile, trí labhairt, trí tharraingt, trí scríobh nó ar aon bhealach eile mura ndéanann sé dochar do nó mura gcuireann sé fearg ar dhaoine eile.

Airteagal 14

Tá an ceart agat do chreideamh agus tuairimí féin a roghnú. Ba chóir do do thuismitheoirí cabhair a thabhairt leat ó thaobh cad atá ceart agus mícheart a chinneadh, agus cad é an rud is fearr duit.

Airteagal 15

Tá an ceart agat do chairde féin a roghnú agus páirt a ghlacadh i ngrúpaí nó grúpaí a bhunú, a fhad is nach ndéanann sé dochar do dhaoine eile.

Airteagal 16

Tá an ceart chun príobháideachta agat.

Airteagal 17

Tá an ceart agat eolas atá tábhachtach do do shláinte a fháil, ó raidió, nuachtán, leabhair, ríomhairí agus ó fhoinsí eile. Ba chóir do dhaoine fásta a chinntiú nach bhfuil an t-eolas á fháil agat dochrach, agus ba chóir dóibh cabhair a thabhairt duit chun an t-eolas de dhíth ort a thuiscint agus a aimsiú.

Airteagal 18

Tá an ceart agat a bheith tógtha ag do thuismitheoir(í) más féidir.

Airteagal 19

Tá an ceart agat a bheith cosanta ó ghortú agus ó dhroch-chóireáil, i gcorp nó intinn.

Airteagal 20

Tá an ceart chun cúraim agus cabhrach speisialta agat más rud é nach féidir leat a bheith i do chónaí le do thuismitheoirí.

Airteagal 21

Tá an ceart chun cúraim agus cosanta agat má uchtaíodh tú nó má tá tú faoi chúram altrama.

Airteagal 22

Tá an ceart chun cosanta agus cabhrach speisialta agat más teifeach tú (má cuireadh iallach ort do theach a fhágáil agus cónaí i dtír eile), mar aon leis na cearta sa Choinbhinsiún seo.

Airteagal 23

Tá an ceart chun oideachais agus cúraim speisialta agat má tá míchumas ort, mar aon leis na cearta sa Choinbhinsiún seo, ionas gur féidir leat saol iomlán a chaitheamh.

Airteagal 24

Tá an ceart chun an cúraim sláinte is fearr is féidir, uisce shábháilte le hól, bia chothaithigh, timpeallachta ghlan agus sábháilte, agus eolais agat d’fhonn cabhrú leat fanacht go maith.

Airteagal 25

Má tá tú i do chónaí faoi chúram nó i gcúinsí eile as baile, tá an ceart agat go bhféachfaí ar na socruithe maireachtála sin go rialta d’fhonn a mheas an bhfuil siad na socruithe is oiriúnaí.

Airteagal 26

Tá an ceart agat cabhair a fháil ón rialtas má tá tú bocht nó má tá riachtanais de dhíth ort.

Airteagal 27

Tá an ceart chun bia, éadaí, áit shábháilte chun cónaí ann agat agus go gcomhlíonfaí le do bhunriachtanais. Níor cheart go gcuirfí tú faoi mhíbhuntáiste ionas nach féidir leat go leor do na rudaí is féidir le leanaí eile a dhéanamh.

Airteagal 28

Tá an ceart chun oideachais ar ardchaighdeán agat. Ba cheart go dtabharfaí misneach duit dul ar scoil go dtí an leibhéal is airde gur féidir leat.

Airteagal 29

Ba cheart go dtabharfar cabhair duit do thallanna agus do chumas a úsáid agus a fheabhsú mar gheall ar d’oideachas. Ina theannta sin ba cheart go dtabharfar leis cabhair duit cónaí go síochánta, an timpeallacht a chosaint agus meas a bheith agat ar dhaoine eile.

Airteagal 30

Tá an ceart agat do chultúr, do theanga agus do chreideamh féin a chleachtach – nó aon cheann a roghnaíonn tú. Tá cosaint speisialta de dhíth ar ghrúpaí mionlaigh agus dúchasacha maidir leis an gceart seo.

Airteagal 31

Tá an ceart chun spraoi agus scíthe agat.

Airteagal 32

Tá an ceart chun cosanta agat ón obair a dhéanann dochar duit, agus atá go dona do do shláinte agus d’oideachas. Má oibríonn tú, tá an ceart agat a bheith sábháilte agus go n-íocfaí leat go cothrom

Airteagal 33

Tá an ceart chun cosanta agat ó dhrugaí dochracha agus ón trádáil drugaí.

Airteagal 34

Tá an ceart agat a bheith saor ó mhí-úsáid ghnéis.

Airteagal 35

Níl cead ag éinne tú a fhuadach nó a dhíol.

Airteagal 36

Tá an ceart chun cosanta agat ó aon chineál saothraithe (go mbeadh úsáid á baint asat).

Airteagal 37

Níl cead ag éinne pionós a chur ort ar bhealach cruálach nó dochrach.

Airteagal 38

Tá an ceart chun cosanta agus saoirse agat ó chogadh. Ní féidir iallach a chur ar leanaí faoi 15 bliana d’aois dul isteach san arm nó páirt a ghlacadh i gcogadh.

Airteagal 39

Tá an ceart chun cabhrach agat má gortaíodh tú, má rinneadh faillí ort nó má gcaitheadh go dona leat.

Airteagal 40

Tá an ceart chun cabhrach dlíthiúla agus cóireála cothroime agat sa chóras ceartais.

Airteagal 41

Má thugann na dlíthe i do thír cosaint níos fearr do do chearta ná na hairteagail sa Choinbhinsiún seo, ba cheart go mbeadh feidhm ag na dlíthe sin.

Airteagal 42

Tá an ceart agat go mbeadh do chearta ar eolas agat. Ba cheart go mbeadh na cearta sin ar eolas ag daoine fásta agus ba cheart go gcabhródh siad thú ag foghlaim fúthu freisin.

Airteagal 43 go 54

Mínítear leis na hairteagail sin conas a oibreoidh rialtais agus eagraíochtaí idirnáisiúnta amhail CÉINAL chun a chinntiú go gcosnaítear leanaí lena gcearta.