Skip to main content

Tá tú anseo:  

Painéal Comhairleach na nÓige

Is é ceann dár príomhróil mar Oifig an Ombudsman do Leanaí ná cearta agus leas leanaí faoi 18 mbliana d’aois a chur chun cinn. Is é slí amháin ina ndéanaimid é seo ná trí fháil amach cad a chuireann imní ar dhaoine óga agus a dtuairimí a léiriú do dhaoine a dhéanann cinntí a bhfuil tionchar acu orthu. Tá sé an-tábhachtach dúinn freisin go gcloisimid go díreach ó leanaí in Éirinn faoin obair atá á déanamh againn.

Ar an ábhar sin, chruthaíomar Painéal Comhairleach na nÓige, ar a dtugtar YAP freisin.

 

Buailimid lenár mbaill YAP go rialta chun cloisteáil ó thaobh cad atá le rá acu faoi chearta leanaí agus faoi na fadhbanna a mbíonn rompu gach lá. Tá 18 mball ar ár bpainéal ionchuimsitheach idir 12-17 mbliana d’aois agus tagann siad go léir ó fud na tíre.

Tá ról lárnach ag an YAP in obair an OCO. Tugann siad comhairle dúinn ar bhonn leanúnach faoi fhadhbanna agus imní atá ag teacht chun cinn do dhaoine óga. Bíonn an deis ag baill an YAP freisin a n-imní agus tuairimí leanaí eile a léiriú. Mar shampla, i mí Meithimh 2020, léirigh an YAP fírinne an anáis mhíosta do leanaí in Éirinn. Mhol siad, chuir siad i bhfeidhm agus chuir siad chun cinn infhaighteacht táirgí sláintíochta saor in aisce i seomraí folctha an OCO do leanaí a thugann cuairt go dtí an oifig. Scríobh siad chuig roinnt lucht déanta polasaithe chun aird a tharraingt ar an bhfadhb seo.

 

 

 

Ár dtáirgí sláintíochta saor in aisce i seomraí folctha an OCO

 

Tá an YAP gníomhach i raon gníomhaíochtaí a bhaineann le hobair an OCO. I mí Aibreáin 2021, rinne ár mbaill YAP moltóireacht ar ár bhfeachtas meán sóisialta More than School – comórtas inar chuir leanaí timpeall na hÉireann líníocht/dán/fís isteach chun an chaoi ar mhothaigh siad maidir le dul ar ais ar scoil nuair a cuireadh deireadh le srianta a léiriú. D’fhéach ár mbaill YAP ar gach iontráil agus phioc siad buaiteoir amháin agus 3 duine sa dara háit. Chuir an YAP isteach freisin sa chéad Phlean Straitéiseach eile de chuid an OCO, agus táimid ag obair ar chomhairliúchán agus ar thuarascálacha leanúnacha.

 

 

Bhí an deis ag go leor de bhaill YAP obair an OCO a chur chun cinn trí fhíseáin ar na meáin shóisialta, agus táimid ar bís go ndéanfadh siad ionadaíocht don OCO i bhfíor-imeachtaí.

 

Earcóidh an YAP dó féin go luath san Athbhliain.  Dearfaidh an YAP an próiseas agus beidh sé mar chuid den phróiseas seo. Dá mba mhaith leat dul isteach inár YAP, coinnigh súil ar ár meáin sóisialta.

Má tá aon cheist agat faoinár bPainéal Comhairleach Óige, is féidir leat ríomhphost a sheoladh chuig education@oco.ie.