Tá tú anseo:
Leas an linbh
Cad atá i gceist leis seo?
Tá sé de cheart agat go ndéanann daoine fásta breithniú ar do leas nuair a bheidh cinntí a bhaineann leat á ndéanamh acu.
Seans nach mbeidh tú sásta i gcónaí leis an gcinneadh a dhéanann duine fásta, ach féadfaidh go bhfuil sé chun do leasa.
Sa chúirt teaghlaigh, ní mór do bhreithimh breithniú ar dhéanamh ar do leas agus cinneadh á dhéanamh acu. Tá sé sin luaite inár mbunreacht i ndiaidh Reifreann na Leanaí in 2012.
Sampla: D’’fhéadfadh tuismitheoir do théacsteachtaireachtaí a léamh má tá siad buartha faoi do shábháilteacht, cé go dtéann sé sin i coinne do cheart chun príobháideachais.
Foghlaim tuilleadh faoin gceart seo
An bhfuil an ceart seo agam in Éirinn?
- De réir Airteagal 3 de CNACL, tá sé de cheart agat go ndéanann daoine fásta an rud a bheidh chun do leasa. Nuair a dhéanann daoine fásta cinntí, ba chóir go gcuirfidís san áireamh conas a rachadh na cinntí sin i bhfeidhm ar leanaí.”
- Faoi Airteagal 42A de Bhunreacht na hÉireann, tá sé de cheart agat go ndéanann cúirteanna breithniú ar leasa an linbh i gcásanna dlí teaghlaigh agus i gcásanna cúraim leanaí.
- San Acht Uchtála 2010, tá sé de cheart agat gurb é do leas an rud is mó faoina gcaithfidh gairmithe smaoineamh agus breithniú á dhéanamh acu ar cé a dhéanfaidh tú a uchtáil.
- Faoin Acht fán nGníomhaireacht um Leanaí agus an Teaghlach, 2013 (cruthú Tusla), tá sé de cheart agat go ndéanfaidh Tusla breithniú ar do leas agus cinntí a bhaineann leat á ndéanamh.
Tionscadal á dhéanamh?
- Is é Tusla an Ghníomhaireacht um Leanaí agus an Teaghlach a bhfuil sé de chúram uirthi breithniú a dhéanamh ar leas leasaí in Éirinn.
- Cabhraíonn Tusla le teaghlaigh nuair a bhíonn fadhbanna acu agus tugann siad aire do leanaí freisin nuair atá siad faoi chúram an stáit, amhail faoi chúram altrama.
- Is é Cumann na hÉireann um Chosaint Leanaí carthanas cosanta leanaí na hÉireann. Reáchtálann sé Líne Chabhrach na Leanaí agus seirbhísí eile a chabhraíonn chun feabhas a chur ar shaol leanaí in Éirinn.
- D’éirigh le reifreann in 2012 le toradh 58% chun cearta leanaí a áireamh go sonrach i mBunreacht na hÉireann. De réir Alt 42A anois, ní mór do bhreithimh breithniú a dhéanamh ar leas an linbh agus gur ceart do leanaí deis cainte a bheith acu i gcásanna dlí teaghlaigh gcúrsaí maidir le cúrsaí a dtéann i bhfeidhm orthu.
- Is ionann bunreacht agus rialacha na tíre. Is é is ciall le cearta leanaí a áireamh sa Bhunreacht, ná go scríobhtar dlíthe nua ó 2012 ar aghaidh a dhéanann cearta leanaí a chosaint ar bhealach níos fearr.
- Tá Caomhnóir ad Litem ar fáil do leanaí i gcineálacha áirithe cásanna dlí sna cúirteanna. Is é an ról atá acu ná mianta an linbh a chur in iúl don bhreitheamh agus comhairle a thabhairt i ndáil le leas an linbh.
Naisc chuig eagraíochtaí eile
- Barnardos – tá eolas ag Barnardos maidir le ról an Chaomhnóra ad Litem comhairle a thabhairt i ndáil le leas an linbh i gcásanna cúraim agus cásanna dlí teaghlaigh
- EPIC – tá eolas ag EPIC maidir le cearta leanaí atá i gcúram, lena n-áirítear ceart an linbh gur chun a leasa a dhéantar gach cinneadh maidir leana gcúram.
- An Chomhghuaillíocht um Chearta Leanaí – tugann sé le chéile 100 ball a oibríonn chun a chinntiú go bhfuil Éire ar ceann de na háiteanna is fearr ar domhan chun a bheith i do leanbh.