Tá tú anseo:
Oideachas
Cad atá i gceist leis seo?
Tá sé de cheart agat oideachas ardchaighdeáin a fháil.
In Éirinn, is féidir an scoil a fhágáil ag 16 bliana d’aois nó i ndiaidh 3 bliana den mheánscoil a chur i gcrích.
I mBunreacht na hÉireann, aithnítear gurb iad do thuismitheoirí do mhúinteoirí príomha. Is é is ciall leis sin ná go múineann siad an difear idir ceart agus éigeart duit ach ní mór don Rialtas a chinntiú go bhfaigheann tú ‘caighdeán íosta oideachais’ ar a laghad.
SAMPLA: Ní féidir le formhór na scoileanna in Éirinn áiteanna sa scoil a thabhairt do leanaí bunaithe ar chúrsaí creidimh a thuilleadh. Tá sé de cheart agat freastal ar do rogha scoil.
Foghlaim tuilleadh faoin gceart seo
An bhfuil an ceart seo agam in Éirinn?
- CNACL, Airteagal 11 – tá sé de cheart agat oideachas agus cúram speisialta a fháil má tá tú faoi mhíchumas, chomh maith leis na ceart ar fad sa Choinbhinsiún seo, ionas gur féidir saol iomlán a bheith agat.
- CNACL, Airteagal 28 – tá sé de cheart agat oideachas ardchaighdeáin a fháil. Ba chóir go spreagfaí tú freastal ar scoil agus an leibhéal is airde oideachais agus is féidir a bhaint amach.”
- CNACL, Airteagal 29 – tá sé de cheart agat go gcabhróidh d’oideachas leat leas a bhaint as do bhuanna agus do chumais. B chóir go gcabhróidh sé leat maireachtáil go síochánta, an comhshaol a chosaint agus meas a léiriú ar dhaoine eile.
- Faoi Airteagal 42 de Bhunreacht na hÉireann, tá sé de cheart agat bunoideachas saor in aisce a rochtain.
- Faoin Acht Oideachais (Leas), 2000, tá sé de cheart agat an t-oideachas Stáit a fhágáil ag 16 bliana d’aois, nó nuair a bheidh trí bliana den mheánscoil curtha i gcrích agat.
- Faoin Acht Oideachais 1998, tá sé de cheart agat Comhairle Mac Léinn a bhunú i do mheánscoil agus tacaíocht a fháil ón scoil é sin a dhéanamh.
- Faoin Acht um Oideachas do Dhaoine a bhfuil Riachtanais Speisialta Oideachais Acu, 2004, tá sé de cheart agat fanacht i scoil phríomhshrutha, nuair is féidir, má tá riachtanas speisialta oideachais agat.
- Faoin Acht Oideachais (Ligean isteach i Scoileanna), 2018, tá sé de cheart agat freastal ar scoil ar bith, beag beann ar do chreideamh, nó easpa creidimh, ach amháin i gcúinsí sonracha.
Tionscadal á dhéanamh?
- I mBunreacht na hÉireann, aithnítear an teaghlach mar mhúinteoir príomha an linbh.
- Is é is ciall leis sin ná go bhfuil sé de chúram ar thuismitheoirí an difear idir ceart agus éigeart a mhúineadh duit agus is féidir le tuismitheoirí cinneadh a dhéanamh oideachas a chur ar a leanaí sa bhaile.
- Tá thart ar 890,000 leanbh agus duine óg sa bhunscoile agus sa mheánscoil in Éirinn.
- Is é an Rialtas a scríobhann an curaclam scoile, a chinntíonn go bhfuil scoileanna dea-thógtha agus a íocann tuarastal na múinteoirí. Is annamh a bhíonn baint acu le riarachán laethúil na scoileanna, is é bord bainistíochta gach scoile atá freagrach as sin.
- Sa bhliain acadúil 2016/17, léirítear go raibh pátrún atá bainteach le reiligiún i 96% de bhunscoileanna in Éirinn. Is é is ciall leis sin ná go n-imríonn siad tionchar ar mar a reáchtáiltear an scoil.
- De réir an Phlean Gníomhaíochta don Oideachas, 2019 go bhfuil “lárnach chun deis chothrom sa saol a thabhairt do gach leanbh”. I measc rudaí eile, díríonn an plean seo ar an bhfolláin i scoileanna agus an tsraith Shóisearach a athchóiriú ionas gur féidir le hÉirinn a bheith chun tosaigh maidir le hoideachas agus scileanna den chéad scoth a sholáthar.
- Tá Taistealaithe Óga i measc roinnt grúpaí de leanaí in Éirinn a bhíonn baic bhreise rompu uaireanta san oideachas agus ó thaobh rochtain a fháil ar an oideachas.
- De réir suirbhé a rinne Barnardos in 2018,is é €360 an meánchostas a bhaineann le leanbh bunscoile a chur ar scoil agus €765 i gcás linbh sa mheánscoil.
Naisc chuig eagraíochtaí eile
- Cartoons for Children’s Rights – Cartún gearr maidir le cearta leanaí chun oideachas a fháil, arna dhéanamh ag Cartoons for Children’s Rights, tionscnamh de chuid Chiste Éigeandála Idirnáisiúnta na Náisiún Aontaithe do Leanaí.
- Bí ar an eolas maidir le do chearta– Faigh tuilleadh eolais maidir le do chearta ó thaobh cúrsaí oideachais in Éirinn ón gComhairle um Chearta an Duine agus ón gComhghuaillíocht um Chearta Leanaí
- Malala Yousafazai– Bhí Malala Yousafazai 17 mbliana d’aois nuair a bronnadh Duais Nobel na Síochánta uirthi i mí Dheireadh Fómhair 2014, an duine is óige riamh chun an gradam sin a fháil. Ó shin i leith, tá sí ina tacadóir domhanda i ndáil leis an gceart chun oideachais. Éist lena hóráid Dhuais Nobel na Síochánta