Tá tú anseo:
Eolas
Cad atá i gceist leis seo?
Tá sé de cheart agat eolas a fháil maidir le d’fholláine ar bhealaí a thuigeann tú.
Ba chóir do dhaoine fásta a chinntiú nach ndéanann an t-eolas a fhaigheann tú dochar duit. Mar shampla, níor cóir cead a thabhairt duit féachaint ar scannáin le haghaidh daoine níos sine ná 18 mbliana d’aois nó trí rialuithe tuismitheora a chur ar an idirlíon.
Ba chóir do na meáin, amhail an raidió, an teilifís, nuachtáin agus na meáin shóisialta, a bheith cúramach faoin mbealach a thugann siad eolas do leanaí, mar shampla, déantar monatóireacht ghéar ar na fógraí a thaispeántar le linn clár teilifíse do leanaí chun a chinntiú go bhfuil siad oiriúnach.
SAMPLA: Níl sé de cheart agat an t-idirlíon a bheith agat gan srian ach tá sé de cheart agat an t-idirlíon a rochtain ar bhealach atá oiriúnach do d’aois.
Foghlaim tuilleadh faoin gceart seo
An bhfuil an ceart seo agam in Éirinn?
- CNACL, Airteagal 17 – tá sé de cheart agat eolas atá tábhachtach do d’fholláine a fháil ón raidió, ó nuachtáin, ó leabhair, ó ríomhairí agus ó fhoinsí eile. Ba chóir do dhaoine fásta a chinntiú nach ndéanfaidh an t-eolas sin dochar duit, agus ba chóir dóibh cuidiú leat an t-eolas a bheidh ag teastáil uait a aimsiú agus a thuiscint.”
- Faoin Acht um Fhaisnéis do Shaoránaigh, 2007, tá sé de cheart agat eolas a fháil maidir le do chearta.
- Faoi Acht na Leabharlann Poiblí 1855, tá sé de cheart agat eolas a fháil ón leabharlann.
Tionscadal á dhéanamh?
- Níl a leithéid ann fós agus an ceart chun idirlín a bheith agat. Ach d’fhéadfadh Coiste na Náisiún Aontaithe um Chearta an Linbh é sin a shoiléiriú go luath.
- Tá sé de chúram ar an Rialtas a chinntiú gur féidir leat an t-idirlíon a rochtain. In Éirinn, tá idirlíon níos tapúla in áiteanna áirithe ná áiteanna eile.
- Is féidir eolas soiléir agus neamhchlaonta a rochtain ar shuíomh gréasáin an Bhiúró um Fhaisnéis do Shaoránaigh.
- Tá eolas le fáil maidir le do chearta agus do theidlíochtaí ar Eolas Ar Líne do Shaoránaigh. I gcontaetha airithe, is ann d’Ionaid Eolais don Óige inar féidir leat bualadh isteach chun eolas a fháil maidir le do chearta agus do theidlíochtaí i ndáil leis an oideachas, gairmeacha beatha, spóirt agus fóillíocht, srl.
- Tugann 16.1 milliún duine cuairt ar an leabharlann gach bliain agus tá 5.1 milliún duine (32%) díobh sin faoi bhun 14 bliana d’aois. (Staitisticí na Leabharlann Poiblí 2011).
- D’fhéadfadh scoileanna suíomhanna gréasáin áirithe a bhlocáil ar ghréasán WIFI na scoile chun daltaí a chosaint ó shuíomhanna gréasáin a mheastar a bheith neamhoiriúnach dóibh.
- Bunaíodh Oifig Aicmithe Scannán na hÉireann in 1923 mar thoradh ar an Acht um Scrúdóireacht Scannán. Déanann an oifig sin físchluichí agus scannáin a rátáil.
- Tá treoirlínte ar fáil maidir le conas is ceart do na meáin labhairt le leanaí, amhail a chinntiú nach ndéanann cuideachtaí alcóil fógraíocht atá dírithe ar leanaí.
Naisc chuig eagraíochtaí eile
- Ionaid Eolais don Óige – Tá ionaid eolais don óige ar fud na tíre. Chun an ceann is gaire duit a aimsiú, féach anseo agus anseo.
- Spunout.ie – Tá eolas le fáil ag daoine óga ar an Mol um Shábháilteacht ar Líne maidir le conas fanacht slán ar líne
- Watch Your Space – Féach air seo chun eolas a fháil maidir leis an méid atá á dhéanamh ag leanaí chun dul i ngleic leis an gcibearbhulaíocht.
- Lá le haghaidh Idirlíon níos Sábháilte – tuilleadh eolais maidir leis an Lá le haghaidh Idirlíon níos sábháilte.
- Líonra Idirnáisiúnta um Chearta an Linbh – Téann an eagraíocht seo i mbun feachtas ar son cearta leanaí ar fud an domhain. Tá siad go mór ar son leanaí a bheith in ann eolas a rochtain.
- Webwise
- Eolas do shaoránaigh