Tá tú anseo:
Cúram Sláinte
Cad atá i gceist leis seo?
Tá sé de cheart agat an cúram sláinte is fearr agus is féidir, uisce óil sábháilte, bia cothaitheach, timpeallacht ghlan agus shábháilte, agus eolas chun cuidiú leat fanacht slán.
Faigheann teaghlaigh áirithe cártaí leighis agus tá a gcuairteanna ar an dochtúir agus an ospidéal saor in aisce.
Má tá tú faoi mhíchumas, féadfaidh go mbeidh tú in ann cúnamh nó tacaíochtaí airgeadais a fháil ón Rialtas chun cabhrú leat seirbhísí éagsúla a rochtain.
SAMPLA: Faigheann leanaí vacsaíní chun an bhreoiteacht a choimeád uatha.
Tuilleadh eolais!
An bhfuil an ceart seo agam in Éirinn?
- UNCRC, article 24 –tá sé de cheart agat an cúram sláinte is fearr agus is féidir a bheith agat, chomh maith le huisce óil sábháilte, bia cothaitheach, timpeallacht ghlan agus shábháilte, agus eolas chun cuidiú leat fanacht sláintiúil.
- Faoin Acht Sláinte 1970, tá sé de cheart agat gnéithe áirithe cúraim sláinte a fháil saor in aisce agus tú i do leanbh, amhail cuairteanna saor in aisce ar an dochtúir go haois 6 bliana d’aois.
- Faoin Acht Sláinte 1970, tá sé de cheart ag daoine uile a bhfuil cónaí orthu in Éirinn rochtain a bheith acu ar sheirbhísí sláinte. Tá sé de cheart ag roinnt daoine cárta leighis a bheith acu má tá a gcuid ioncaim faoi bhun figiúir áirithe. Má tá cárta leighis agat, ní bhíonn ort íoc as cuairteanna chuig an dochtúir ginearálta nó chuig an ospidéal.
- Faoin Acht Meabhairshláinte 2001, tá sé de cheart agat cúram mheabhairshláinte ardchaighdeáin a fháil; a bheith ar an eolas maidir le do chóir leighis; go gcuirfear do leas san áireamh; agus go caitear leat le meas agus le dínit.
Tionscadal á dhéanamh?
- Sainmhíníonn an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte “an tsláinte” mar staid ina mbíonn folláine fhisiceach, mheabhrach agus shóisialta iomlán ag an duine. Mar sin, tá níos mó i gceist leis na easpa breoiteachta agus galair.
- Is í Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte an eagraíocht atá freagrach as seirbhísí sóisialta um shláinte agus cúram pearsanta in Éirinn.
- In 2016, mhol Coiste na Náisiún Aontaithe um Chearta an Linbh gur chóir d’Éirinn feabhas a chur ar sheirbhísí meabhairshláinte do leanaí.
- Tháinig méadú 21% ar an méid féindochair a dhéantar i measc daoine idir 10 mbliana d’aois agus 24 bliana d’aois sna blianta 2007-2017.
- Tá leanbh amháin as gach ceathrar in Éirinn róthrom nó murtallach.
- Faoi mhí na Samhna 2018, bhí 93% de leanaí faoi bhun 6 bliana d’aois cláraithe le haghaidh cúraim dochtúra ginearálta saor in aisce.
- De réir an Chláir Náisiúnta do Chóireáil Othar i mí an Mhárta 2019, bhí 8,468 leanbh ar liostaí feithimh le haghaidh cúraim lae nó cúraim mar othar cónaitheach.
- San áit a bhfuil cónaí ort, más imirceach nó duine den phobal LGBTI, d’fhéadfadh na fachtóirí sin é a dhéanamh níos deacra ort cúram sláinte atá ar ardchaighdeán a fháil le haghaidh daoine óga in Éirinn.
Naisc chuig eagraíochtaí eile
- Children in Hospital Ireland – Tuilleadh eolais maidir leis an ospidéal.
- Stepping up– Cuireann Stepping Up eolas ar fáil le haghaidh daoine óga a bhfuil breoiteacht fhadtéarmach orthu maidir le bogadh ar aghaidh chuig seirbhísí cúraim sláinte d’aosaigh.
- Jigsaw – Oibríonn Jigsaw i réimse an mheabhairshláinte do dhaoine óga. Tuilleadh eolais anseo maidir le gníomhaíochtaí agus seirbhísí Jigsaw.
- Barnardos– Tá eolas ar fáil ó Barnardos do dhaoine óga maidir lena bhfolláine a chosaint
- Safe Food– Féach ar phirimid an bhia chun tuilleadh eolais a fháil ó Biaslán maidir le bia folláin a ithe.
- An Bhratach do Scoileanna Gníomhacha – Tuilleadh eolais maidir le tionscadal na mBrataí do Scoileanna Gníomhacha.
- Join the Dots
- Take My Hand