Tá tú anseo:
Bí ar an eolas faoi do chearta
Cad atá i gceist leis seo?
Tá sé de cheart agat a bheith ar an eolas faoi do chearta. Mura bhfuil tú ar an eolas faoi do chearta, tá sé deacair iad a bhaint amach.
Ba chóir do do thuismitheoirí go speisialta cabhrú leat eolas agus tuiscint a fháil ar do chearta.
Tá 42 ceart ag gach leanbh faoi bhun 18 mbliana d’aois. Ba chóir go léireodh daoine meas ar chearta a chéile.
SAMPLA: Ar scoil foghlaimíonn tú faoi do chearta san Oideachas Saoránach Sóisialta Polaitiúil.
Tuilleadh eolais!
An bhfuil an ceart seo agam in Éirinn?
- Faoi airteagal 42 de CNACL, tá sé de cheart agat a bheith ar an eolas faoi do chearta. Ba chóir go mbeadh daoine fásta ar an eolas faoi na cearta seo agus go gcabhróidh siad leat foghlaim fúthu freisin.
- Faoin Acht um Fhaisnéis do Shaoránaigh, 2007, tá sé de cheart agat eolas a fháil faoi do chearta agus do theidlíochtaí.
- Cabhróidh an treoirleabhar seo leat na cearta atá agat mar dhuine óg in Éirinn a thuiscint.
Tionscadal á dhéanamh?
- Tá sé de fhreagracht ar Oifig an Ombudsman do Leanaí feasacht a mhúscailt ar chearta leanaí agus daoine óga a chur ar an eolas faoi Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe um Chearta an Linbh (CNACL).
- In 2016, d’fhiafraigh Oifig an Ombudsman do Leanaí de 2,148 duine óg conas ar mhaith leo foghlaim faoina gcearta. Dúirt a bhformhór gur mhaith leo foghlaim fúthu ar scoil, ar líne agus trí fhéachaint ar fhíseáin.
- Tugann Coiste na Náisiún Aontaithe cuairt ar thíortha gach 5 bliana de ghnáth chun a sheiceáil an bhfuil cearta leanaí á mbaint amach iontu mar atá geallta ag na tíortha sin.
- In 2016, dúirt an Coiste gur chóir d’Éirinn a chinntiú go bhfuil leanaí líon níos mó leanaí ar an eolas faoina gcearta, go mór mór leanaí atá faoi mhíchumas agus leanaí atá ag lorg tearmainn. Moladh freisin go gcuirfear oiliúint níos fearr ar ghairmithe maidir le cearta leanaí.
- Faigheann daltaí scoile eolas faoi chearta trí na hábhair OSSP, OSPS agus trí Pholaitíocht agus na tSochaí, ábhar atá ina cuid den tSraith Sinsearach.
- Tá eolas ar fáil faoi do chearta agus do theidlíochtaí ar Eolas Ar Líne do Shaoránaigh. Tá leabhrán fóinteach ag an gComhghuaillíocht um Chearta Leanaí agus Comhairle um Chearta an Duine agus mínítear ann na cearta atá agat in Éirinn.
Naisc chuig eagraíochtaí eile
- Cuairt a thabhairt ar Oifig an Ombudsman do Leanaí – Faigh amach conas is féidir cuairt a thabhairt ar Oifig an Ombudsman do Leanaí le do rang agus páirt a ghlacadh i gceardlann faoi chearta leanaí.
- Young Social Innovators – Tá cearta leanaí i measc na n-ábhar ar a oibríonn daoine óga tríd an ngluaiseacht Young Social Innovators.