Tá tú anseo:
Teanga, Cultúr agus Creideamh
Cad atá i gceist leis seo?
Is féidir leat teanga ar bith a roghnaíonn do theaghlach a labhairt sa bhaile, ach seans go mbeidh ort teanga áirithe a labhairt ar scoil.
Tá sé de cheart agat do chultúr, do theanga agus do chreideamh féin a chleachtadh nó a cinn eile a roghnú. Bíonn cosaint speisialta an chirt seo ag grúpaí mionlaigh agus dúchasacha.
Cé go bhfuil éiteas Críostaí ag formhór na scoileanna in Éirinn, tá an Reiligiún riachtanach anois mar ábhar don Teastas Sóisearach. Tríd an ábhar sin, foghlaimíonn leanaí faoi chreideamh éagsúla an domhain.
SAMPLA: In Éirinn, murab ionann agus tíortha eile, tá sé de chead agat cibé éadaí a theastaíonn uait a chaitheamh chun do shaoirse reiligiúin a léiriú, amhail cros nó hijab.
Foghlaim tuilleadh faoin gceart seo
An bhfuil an ceart seo agam in Éirinn?
- CNACL, Airteagal 14 – tá sé de cheart agat do reiligiún agus do chreidimh féin a roghnú. Ba chóir do do theaghlach cabhrú leat an difear idir ceart agus éigeart a chinneadh, chomh maith le bheith in ann an rud atá chun do leasa a aithint.
- CNACL, Airteagal 30 – tá sé de cheart agat do chultúr, do theanga agus do chreideamh féin a chleachtadh nó a roghnú. Bíonn cosaint speisialta an chirt seo ag grúpaí mionlaigh agus dúchasacha.
- Faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003, tá sé de cheart agat doiciméid phoiblí i nGaeilge a iarraidh. Mínítear in Airteagal 8 de Bhunreacht na hÉireann gurb í an Ghaeilge teanga oifigiúil na hÉireann.
- Faoi Airteagal 44 de Bhunreacht na hÉireann, tá sé de cheart agat reiligiún ar bith a chleachtadh in Éirinn.
Tionscadal á dhéanamh?
- Is gá doiciméid uile an stáit, amhail dlíthe, billí foirmeacha iarratais agus tuarascálacha a chur ar fáil agus a fhoilsiú i nGaeilge agus i mBéarla.
- In 2016, dúirt 47,973 dalta nach í an Béarla ná an Ghaeilge a máthairtheanga.
- Ó 2018 ar aghaidh, tá an Liotuáinis agus an Chóiréis á scrúdú sa tSraith Shóisearach agus sa tSraith Shinsearach.
- Tá éiteas Chríostaí ag formhór na scoileanna in Éirinn, ach tá sé beartaithe tuilleadh éagsúlaithe a dhéanamh agus 400 scoil il-sainchreidmheacha a bhunú faoi 2020.
- De réir Dhaonáireamh na hÉireann, 2016, is iad seo a leanas líon na ndaoine a bhfuil reiligiún agus líon na ndaoine gan reiligiún:
– Caitliceach Rómhánach: 3,729,100 (-3.4% ó 2011)
– Eaglais na hÉireann: 126,400 (-2.0% ó 2011)
– Moslamach: 63,400 (+28.9% ó 2011)
– Ortadocsach: 62,200 (+37.5% ó 2011)
– Reiligiúin Chríostaí eile: 37,400 (-9.1% ó 2011)
– Preispitéireach: 24,200 (-1.6% ó 2011)
– Aspalda nó Cincíseach: 13,400 (-4.9% ó 2011)
– Reiligiúin eile: 97,700 (+39.1% ó 2011)
– Gan aon reiligiún: 468,400 (+73.6% ó 2011)
– Gan a bheith luaite: 125,300 (+71.8% ó 2011) - Seinneann go leor daoine óga ceol traidisiúnta agus ceol clasaiceach agus foghlaimíonn siad faoin ár gcultúr trí pháirt a ghlacadh san Fheis Cheoil agus i gComhaltas. In 2017, rinne an Fheis Cheoil a 120ú bliain a cheiliúradh.
- Seachtain na Gaeilge is ceiliúradh coicíse í seo ar theanga agus cultúr náisiúnta na hÉireann.
- Tarlaíonn an Oíche Chultúir gach bliain i mí Mheán Fómhair ar fud na hÉireann. An oíche seo, déantar an cultúr, an chruthaitheacht agus na healaíona a cheiliúradh.
Naisc chuig eagraíochtaí eile
- Clár na Brataí Buí – Le Clár na Brataí Buí, cuirtear ionchuimsiú chun cinn agus déantar éagsúlachta a cheiliúradh i mbunscoileanna agus i meánscoileanna
- Pavee Point – Faigh amach faoi Thaistealaithe na hÉireann agus na Romaigh ó Ionad Taistealaithe agus Romach Pavee Point.
- Foras na Gaeilge – Tá Foras na Gaeilge freagrach as an nGaeilge a chur chun cinn ar fud oileán na hÉireann.
- Seachtain na Gaeilge – Tuilleadh eolais maidir le Seachtain na Gaeilge, féile bliantúil idirnáisiúnta.
- Music Generation – Suim agat i gcúrsaí ceoil? Caith súil ar an obair a dhéanann Music Generation ar fud na tíre.
- Baboró – is féile ealaíon idirnáisiúnta le haghaidh leanaí é Baboró, bunaithe i nGaillimh.
- An Cumann Náisiúnta um Dhráma na nÓg – Tá amharclanna don óige ar fud na tíre. Tuilleadh eolais ar fáil ón gCumann Náisiúnta um Dhráma na nÓg.
- Fighting Words – Faigh amach faoin ionad scríbhneoireacht cruthaithí seo. Agus léigh roinnt scéalta leanaí freisin!
- Oíche Chultúir – Is ócáid phoiblí bhliantúil uile-oileánda é seo a dhéanann cultúr, cruthaitheacht agus na healaíona in Éirinn a cheiliúradh.
- Lá na hAfraice – Ceiliúradh ar chultúr agus oidhreacht na hAfraice in ionaid éagsúla ar fud na tíre