Tá tú anseo:
Náisiúntacht
Cad atá i gceist leis seo?
Tá sé de cheart agat náisiúntacht a bheith agat agus chun tíre is dual duit.
Tá sé seo nasctha le do cheart chun céannachta.
Má rugadh tú in Éirinn agus má tá tuismitheoirí Éireannacha agat, is saoránach Éireannach tú agus is féidir leat iarratas a dhéanamh ar phas Éireannach.
SAMPLA: Nuair atá tú i do shaoránach de thír, baineann na cearta go léir sa tír sin leat.
Foghlaim tuilleadh faoin gceart seo
An bhfuil an ceart seo agam in Éirinn?
- CNACL, airteagal 7–, Tá sé de cheart agat ainm a bheith agat agus ba cheart don Rialtas é seo a aithint go hoifigiúil. Tá sé de cheart agat náisiúntacht a bheith agat (ceart chun tíre is dual duit)
- CNACL, airteagal 8– Tá sé de cheart agat céannacht a bheith agat – taifead oifigiúil de cé hé tú féin. Níor chóir d’aon duine é seo a bhaint uait.
- Faoi Acht Náisiúntachta agus Saoránachta na hÉireann 2004, tá sé de cheart agat a bheith i do shaoránach d’Éirinn má rugadh tú in Éirinn tar éis an 1 Eanáir 2005 agus más saoránaigh Éireannacha iad ceann amháin de do thuismitheoirí nó an bheirt agaibh.
- Faoi Bhunreacht na hÉireann, tá sé de cheart agat iarratas a dhéanamh ar phas má tá tú i do shaoránach Éireannach. Is ceann de do chearta bunúsacha í saoirse gluaiseachta.
Tionscadal á dhéanamh?
- Ag tráth Dhaonáireamh 2016 , bhí 180 náisiúntacht ina gcónaí in Éirinn.
- Má rugadh tú in Éirinn, agus gur saoránaigh Éireannacha iad do thuismitheoir (í), is saoránach Éireannach tú freisin.
- Má rugadh tú in Éirinn, ach nach saoránaigh Éireannacha iad do thuismitheoirí, ansin caithfidh tú fanacht 3 bliana sula bhféadann tú iarratas a dhéanamh chun bheith i do shaoránach Éireannach.
- Ciallaíonn saoránacht Éireannach go n-aithnítear go dleathach thú mar náisiúnach d’Éirinn. Ciallaíonn sé go bhfuil na cearta go léir agat a thugtar le Bunreacht na hÉireann.
- Ciallaíonn duine a bheith gan stát nach bhfuil náisiúntacht ag duine. Is féidir baic a bheith roimh leanaí gan stát maidir le nithe ar nós oideachas agus cúram sláinte agus ní féidir leo a gcearta a úsáid ar an mbealach céanna le leanaí a bhfuil náisiúntacht acu.
- In Éirinn tá cead agat dhá náisiúntacht a bheith agat. Ciallaíonn sé seo gur féidir leat dhá phas a bheith agat.
- Mar gheall ar imní faoi Brexit, chuir 250,000 duine isteach ar phas Éireannach go luath in 2017, méadú de 26% ar an am céanna in 2016.
Naisc chuig eagraíochtaí eile
- Humanium – Faigh amach níos mó faoi cheart leanaí chun céannachta, lena n-áirítear ceart chun ainm agus náisiúntachta
- Gníomhaireacht Dhídeanaithe na NA – Faigh amach cad is brí le ‘gan stát’ ó Ghníomhaireacht Dídeanaithe na NA
- Migrants Rights Council Ireland – Cén chaoi a mothaítear nuair atáthar gan stát? Físeán de dhaoine óga a bhfuil cónaí orthu in Éirinn ag roinnt a gcuid taithí i Young Paperless agus Powerful.