Tá tú anseo:
Cosaint ó chogadh
Cad atá i gceist leis seo?
Tá sé de cheart agat a bheith cosanta ó chogadh.
Má tá cogadh i do thír, ba cheart go mbeifeá in ann dul chuig tír shábháilte agus áit shábháilte a fháil chun fanacht ann.
Níor chóir go mbeadh aon saighdiúirí linbh ann. Tá sé de cheart agat faoin CNACL gan iallach a chur ort dul isteach san arm má tá tú faoi bhun 15 bliana d’aois.
SAMPLA: In Éirinn, ní mór duit a bheith 18 mbliana d’aois sula bhféadfaidh tú dul isteach san arm.
Foghlaim tuilleadh faoin gceart seo
An bhfuil an ceart seo agam in Éirinn?
- CNACL alt 38, tá sé de cheart agat a bheith cosanta agus saor ó chogadh. Ní féidir iallach a chur ar leanaí atá faoi 15 bliana d’aois dul isteach san arm nó páirt a ghlacadh i gcogadh.
- Faoin Acht um Chosaint Idirnáisiúnta 2015 in Éirinn, tá sé de cheart agat cur fút in ionaid Soláthair Dhírigh má tá tú i do dhídeanaí nó iarrthóir tearmainn. Gheobhaidh tú bia agus foscadh ann le linn an ama a bhfanfaidh tú ar an gcinneadh más féidir leat fanacht sa tír nó nach féidir
Tionscadal á dhéanamh?
- Is tír neamhspleách, neodrach í Éire. Ciallaíonn sé seo nach mbímid ag gabháil le ceachtar taobh i gcogaí.
- I roinnt tíortha, tá seirbhís mhíleata éigeantach, rud a chiallaíonn go gceanglófar orthu roinnt ama a chaitheamh ag foghlaim conas a bheith ina saighdiúir. Níl aon seirbhís mhíleata éigeantach in Éirinn.
- In Éirinn, ní mór duit a bheith 18 mbliana d’aois sula bhféadfaidh tú dul isteach san arm.
- Sa bhliain 2000, chuir na Náisiúin Aontaithe an Prótacal Roghnach le chéile don CNACL maidir le rannpháirtíocht leanaí i gcoinbhleacht armtha (OPAC). Tá sé mar aidhm ag an gconradh seo leanaí a chosaint ionas nach ndéantar iad a earcú ná a úsáid i gcúinsí cogaidh.
- Má tá cogadh i do thír féin, is féidir leat dul chuig tír eile le bheith sábháilte. Is féidir leat iarradh ar thearmann (cosaint) agus más féidir leat a chruthú nach bhfuil sé sábháilte duit filleadh abhaile, is féidir leat stádas dídeanaí a fháil.
- In Éirinn, ní mór d’iarrthóirí tearmainn cónaí in ionaid Soláthair Dhírigh go dtí go gcinnfear an féidir leo fanacht in Éirinn nó nach féidir.
- Tá tiomantas déanta ag Éirinn dídean a thabhairt do 4,000 duine ón tSiria. Tá cónaí orthu in Ionaid Fáiltithe agus Treoshuímh Éigeandála ( EROC ).
Naisc chuig eagraíochtaí eile
- Peace Direct – Féach ar cad atá á dhéanamh ag daoine óga in áiteanna éagsúla ar fud an domhain chun síocháin a chruthú
- Cartún do Chearta Leanaí – Cartún gearr faoi cheart leanaí chun cosanta le linn cogaidh, arna cheapadh do thionscnamh CÉINAL um Chartúin do Chearta Leanaí
- Leanaí agus Coinbhleacht Armtha – Tá tuilleadh eolais faoi leanaí a dtéann coinbhleacht armtha i bhfeidhm orthu ar an suíomh gréasáin seo de chuid Ionadaí Speisialta na NA do Leanaí agus do Choinbhleacht Armtha
- Children, Not Soldiers – Faigh amach faoi thionscnamh na Náisiún Aontaithe um Leanaí, Ní Saighdiúirí chun deireadh a chur le húsáid leanaí mar shaighdiúirí i gcoinbhleacht armtha