Tá tú anseo:
Cosaint ar obair a dhéanann díobháil duit
Cad atá i gceist leis seo?
Tá sé de cheart agat a bheith cosanta ar obair a dhéanann dochar duit.
Má tá tú faoi bhun 18 mbliana d’aois, ba chóir duit díriú ar do chuid oideachais agus ba chóir duit a bheith cosanta ó phoist nach bhfuil sábháilte nó atá dochrach do do shláinte agus dod’oideachas.
I roinnt tíortha, cuirtear iallach ar leanaí dul chun na hoibre, rud nach bhfuil cothrom.
SAMPLA: Tá dlíthe in Éirinn, ina luaitear nach féidir leat oibriú go dtí go bhfuil tú 14 bliana d’aois agus nach féidir leat ach obair a dhéanamh i bpoist áirithe, ar feadh méid áirithe uaireanta.
Faigh tuilleadh eolais!
An bhfuil an ceart seo agam in Éirinn?
- UNCRC, article 32:Tá sé de cheart agat go gcosnaítear tú ar obair a dhéanann dochar duit agus atá dochrach do do shláinte agus dod’oideachas. Má oibríonn tú, tá sé de cheart agat a bheith sábháilte agus go n-íoctar go cothrom leat.
- Leis an Acht um Chosaint Daoine Óga 1996, leagtar amach na cearta agus na teidlíochtaí go léir a chosnaíonn daoine óga agus a bhíonn siad ag obair in Éirinn. Tá sé de cheart agat oibriú i dtimpeallacht shábháilte agus gan obair a dhéanamh atá dochrach do do shláinte nó a chuireann isteach ar do chuid oideachais.
- Tá sé de cheart agat go n-íoctar go cóir leat as an obair a dhéanann tú. Má tá tú 14 nó 15 bliana, ní cheadaítear duit de réir an dlí oibriú níos mó ná 8 n-uaire sa tseachtain i rith an téarma agus 35 uair sa tseachtain le linn laethanta saoire.
- Tá sé de cheart agat sosanna a ghlacadh agus tú ag obair. Athraíonn siad seo de réir d’aoise: mar shampla, má tá tú faoi 16 bliana d’aois, ba chóir duit 30 nóiméad a fháil tar éis 4 uair an chloig d’obair.
Tionscadal á dhéanamh agat?
- Daoine óga atá 14 agus 15 bliana d’aois:
- is féidir iad a fhostú chun obair éadrom a dhéanamh le linn laethanta saoire na scoile, ach ní mór dóibh 21 lá sosa ar a laghad ón obair a bheith acu le linn an tsosa seo ón scoil;
- is féidir leo bheith ag obair mar chuid de thaithí oibre nó clár oideachais nuair nach ndéanann an obair atá i gceist dochar dá sláinte, dá sábháilteacht nó dá forbairt;
- is féidir iad a fhostú in obair scannáin, spóirt agus chultúrtha nó obair fógraíochta faoi cheadúnais arna n-eisiúint ag an Aire Fiontar agus Nuálaíochta.
- Is féidir le duine óg a bheith ina phrintíseach ag 16 bliana d’aois.
- Nuair a oibríonn tú, tá sé de cheart agat duillín pá a fháil. Taispeánfaidh sé seo duit an méid cánach a íocann tú. Má oibríonn tú i mbeár / i mbialann agus má fhaigheann tú séisín, níl aon dlí in Éirinn ina ndeirtear go bhfuil cead agat an séisín seo a choinneáil – braitheann sé ar pholasaí gach bialainne / beáir.
- Níl na rialacha céanna ag daoine óga atá faoi bhun 18 bliana d’aois agus atá ag obair mar chuid de ghnó teaghlaigh nó a fhostaíonn garghaol iad, maidir le huaireanta oibre agus cineálacha oibre, fad is nach bhfuil an obair ina obair thionsclaíoch.
- Is € 6.86 in aghaidh na huaire é an t-íosphá do dhuine óg faoi bhun 18 mbliana d’aois. Is ionann é seo agus 70% de phá íosta duine fásta.
- Más dóigh leat nach bhfuil meas ag an áit ina n-oibríonn tú ar do chearta, is féidir leat gearán a dhéanamh leis an gCoimisiún um Chaidreamh san Áit Oibre .
- Measann an Eagraíocht Saothair Idirnáisiúnta (ESO) go bhfuil 168 milliún leanbh i mbun saothair leanaí.
Naisc le heagraíochtaí eile
- Faisnéis do Shaoránaigh – Tá faisnéis ar fáil ó Fhaisnéis do Shaoránaigh maidir leis na cearta agus na teidlíochtaí atá ag daoine óga atá i mbun fostaíochta
- Cartún do Chearta Leanaí – Cartún gearr faoi cheart leanaí a bheith cosanta ar obair dhíobhálach, arna cheapadh do thionscnamh CÉINAL um Chartúin do Chearta Leanaí
- ESO – Faigh eolas faoin tsaincheist maidir le saothar leanaí ar fud an domhain ón Eagraíocht Saothair Idirnáisiúnta (ESO)
- Youth Connect – Oibríonn an eagraíocht seo chun a chinntiú go bhfuil a fhios ag daoine óga faoina gcearta má bhíonn siad ag obair