Tá tú anseo:
Gach duine éagsúil, gach duine ar chomhchéim
Cad atá i gceist leis seo?
Tá cearta ag leanaí uile, is cuma cad as dóibh nó cén chuma atá orthu, nó má tá siad faoi mhíchumas.
Tá sé de cheart agat go gcaitear go cothrom leat.
Níl sé féaráilte má chaitheann duine éigin leat ar bhealach difriúil toisc go bhfuil cuma éagsúil ort.
SAMPLA: Ba chóir go gcuirtear oideachas ar gach leanbh in Éirinn. Ní féidir le duine ar bith bac a chur ort dul ar scoil.