Tá tú anseo:
Leas an linbh
Cad atá i gceist leis seo?
Ní mór do gach duine a thugann aire do leanaí, amhail breithimh, múinteoirí, tuismitheoirí, cúramóirí agus oibrithe sóisialta, breithniú a dhéanamh ar an rud a bheidh chun leasa na leanaí faoina gcúram.
Nuair atá cinntí maidir le do shaol á ndéanamh ag daoine fásta, ba chóir dóibh smaoineamh ar an rud a bheidh chun do leasa.
Uaireanta, déanann daoine fásta cinntí nach dtaitníonn leat ach seans gur chun do leasa iad.
Sampla: níor cheart do dhuine fásta cead a thabhairt duit féachaint ar scannán le haghaidh daoine os cionn 18 mbliana d’aois mar ní chun do leasa é.