Tá tú anseo:
Oideachas
Cad atá i gceist leis seo?

Cabhróidh oideachas ardchaighdeáin leat a bheith an duine is fearr gur féidir leat a bheith.
Tá sé de cheart agat oideachas a fháil sa bhaile nó ar scoil.
Tá sé seo de cheart ag leanaí uile – is cuma cé tú féin, cén chuma atá ort nó cad as duit.
SAMPLA: Tá sé saor in aisce freastal ar scoil in Éirinn. Tá sé de chúram ar an Rialtas go leor scoileanna a thógáil agus a chinntiú go múintear go maith tú.
