Tá tú anseo:
Cad atá i gceist leis seo?
Tá sé de cheart agat bia folláin a bheith agat. Cabhraíonn sé leat fanacht beo, sláintiúil agus folláin.
Déanann an Rialtas iarracht a chinntiú ar bhealaí éagsúla go n-itheann tú bia folláin. Bíonn fógraí ar an teilifís agus ar an raidió chun a mheabhrú duit bia folláin a ithe.
Gearrtar cáin siúcra ar bhia ina bhfuil go leor siúcra, rud a chiallaíonn go mbíonn an bia sin níos costasaí ná bia eile.
SAMPLA: I scoileanna áirithe, bíonn clubanna bricfeasta agus béilí teo ann a chabhraíonn leat bia folláin a ithe.
Foghlaim tuilleadh faoin gceart seo
An bhfuil an ceart seo agam in Éirinn?
- Tá an ceart seo ina chuid den ceart atá agat a bheith beo agus a bheith chomh sláintiúil agus is féidir.
- De réir Airteagal 24 de CNACL ““Tá sé de cheart agat na nithe seo a fháil: an cúram sláinte is fearr agus is féidir, uisce óil sábháilte, bia cothaitheach, timpeallacht ghlan agus shábháilte, agus eolas chun cuidiú leat fanacht slán.”
- De réir Airteagal 27 de CNACL “Tá sé de cheart agat bia, éadaí agus áit shábháilte chónaithe a bheith agat agus go bhfreastalófaí ar do riachtanais bhunúsacha. Níor chóir go mbeifeá faoi mhíbhuntáiste sa chaoi is nach bhféadfá a lán rudaí a dhéanamh a dhéanann leanaí eile.”
- In Éirinn, bíonn an t-uisce a thagann ón sconna glan de ghnáth. Tá sé de chúram ar an Rialtas an t-uisce a chur ina cheart mura bhfuil sé sábháilte le hól.
- Déanann an Rialtas iarracht bia mífholláin a dhéanamh costasach agus tá suíomhanna gréasáin éagsúla ar a bhfuil eolas do thuismitheoirí maidir le bia folláin do leanaí.
- Ní thugann an Rialtas bia amach saor in aisce, ach cabhraíonn sé le scoileanna áirithe bricfeasta agus lón a chur ar fáil do dhaltaí.
Tuilleadh eolais
- Comhairle na hEorpa um Fhaisnéis Bhia – Leideanna ó Chomhairle na hEorpa um Fhaisnéis Bhia maidir le bheith sláintiúil.
- Biaslán – Féach ar phirimid an bhia chun tuilleadh eolais a fháil ó Biaslán maidir le bia folláin a ithe.
- Bia Folláin do Chách – Tuilleadh eolais ar fáil maidir le bochtaineacht bhia.
- Foodcloud – Cá mhéad bia ar fud an domhain a chuirtear amú gach bliain? Faigh tuilleadh eolais ó Food Cloud maidir le cur amú bia.
- EBT – an Eagraíocht Bhia agus Talmhaíochta do na Náisiúin Aontaithe ag míniú an chirt chun bia