Tá tú anseo:
Cúram Sláinte
Cad atá i gceist leis seo?

Tá sé de cheart agat uisce óil sábháilte, bia cothaitheach, timpeallacht ghlan agus shábháilte, agus eolas a bheith agat chun cabhrú leat fanacht slán.”
Tá sé de cheart agat cúram sláinte a fháil.
Agus tú i do leanbh, tá sé de cheart agat vacsaíní a fháil chun breoiteacht a choimeád uait sa todhchaí.
SAMPLA: Má tá tú faoi bhun 6 bliana d’aois, is féidir leat dul chuig an dochtúir saor in aisce.

Foghlaim tuilleadh faoin gceart seo
An bhfuil an ceart seo agam in Éirinn?
- Is féidir leat dul chuig an dochtúir ginearálta saor in aisce má tá tú faoi bhun 6.
- Tá sé beartaithe cuairteanna chuig an dochtúir ginearálta a bheith saor in aisce do leanaí faoi bhun 12 bhliain d’aois ach níl sé sin curtha i bhfeidhm fós.
- Faigheann leanaí cúpla cuairt saor in aisce chuig an bhfiaclóir.
- Tá go leor suíomhanna gréasáin ann maidir le cúrsaí sláinte atá á reáchtáil ag an Rialtas agus a thugann eolas do do thuismitheoirí chun cabhrú leat fanacht sláintiúil.
- Ba chóir go mbeadh an t-uisce a ólann tú in Éirinn glan agus, mura bhfuil, tá an Rialtas freagrach as rabhadh a thabhairt duit maidir leis sin agus é a chur ina cheart.
Tuilleadh eolais
- Páistí san Ospidéal – Tuilleadh eolais maidir leis an ospidéal
- Barnardos – Tá eolas ar fáil ó Barnardos do dhaoine óga maidir lena bhfolláine a chosaint
- Biaslán – Féach ar phirimid an bhia chun tuilleadh eolais a fháil ó Biaslán maidir le bia folláin a ithe.
- An Bhratach do Scoileanna Gníomhacha – Tuilleadh eolais maidir le tionscadal na Brataí do Scoileanna Gníomhacha