Tá tú anseo:
Know your rights
Cad atá i gceist leis seo?

Tá sé de cheart agat a bheith ar an eolas faoi do chearta.
Tá 42 ceart ag gach leanbh.
Ba chóir do do thuismitheoirí go speisialta cabhrú leat eolas agus tuiscint a fháil ar do chearta.
SAMPLA: Sna hábhair scoile OSPS agus Reiligiún, foghlaimíonn tú faoi do chearta agus freagrachtaí.

Foghlaim tuilleadh faoin gceart seo
An bhfuil an ceart seo agam in Éirinn?
- Sna hábhair scoile OSPS agus Reiligiún, foghlaimíonn tú faoi do chearta.
- Is ann do shuíomhanna idirlín amhail www.itsyourright.ie agus www.citizeninformation.ie ar a dtugtar eolas maidir le do chearta.
- Is ceann de na cúraim atá ar Oifig an Ombudsman do Leanaí a chinntiú go bhfuil leanaí in Éirinn ar an eolas faoina gcearta.
Tionscadal á dhéanamh?
- Cuairt a thabhairt ar Oifig an Ombudsman do Leanaí – Faigh amach conas is féidir cuairt a thabhairt ar Oifig an Ombudsman do Leanaí le do rang agus páirt a ghlacadh i gceardlann faoi chearta leanaí.
- Young Social Innovators – Tá cearta leanaí i measc na n-ábhar ar a oibríonn daoine óga tríd an ngluaiseacht Young Social Innovators.