Tá tú anseo:
Príobháideacht
Cad atá i gceist leis seo?

Tá an ceart chun príobháideachta agat.
Is leatsa iad do chuid téacsanna, litreacha agus dialanna.
Má tá imní ar dhuine fásta a bhfuil muinín agat ann faoi do shábháilteacht, d’fhéadfaidís do chuid téacsanna a léamh. Déanann siad é seo chun tú a chosaint.
SAMPLA: Mura dteastaíonn cabhair uait, níor chóir do dhuine ar bith dul isteach i do sheomra feistis nó sa leithreas má bhíonn tú ann gan do chead.

Foghlaim tuilleadh faoin gceart seo
An bhfuil an ceart seo agam in Éirinn?
- Tá dlíthe i bhfeidhm in Éirinn a chosnaíonn do phríobháideacht. Ní féidir le duine ar bith briseadh isteach i do theach mar is do mhaoin phríobháideach é seo.
- Tá dlíthe eile ann ina luaitear nach féidir le heagraíochtaí do shonraí pearsanta (ainm / seoladh / aois) a choinneáil ar feadh tréimhse fhada mar go bhfuil siad seo príobháideach duit.
- Ní féidir le nuachtáin, nuacht teilifíse agus raidió ainmneacha leanaí a ainmniú má bhíonn siad páirteach i gcásanna cúirte. Cosnaíonn sé seo d’ainm agus do phríobháideacht.
- Oibríonn eagraíochtaí ar nós an Choimisinéara Cosanta Sonraí agus Webwise chun cabhrú le daoine óga eolas a fháil faoi shonraí agus a gcuid príobháideachta ar líne.
Tionscadal á dhéanamh?
- Mol Sábháilteachta Ar Líne Spunout – Faigh amach níos mó faoi conas fanacht slán ar líne ar líonraí sóisialta éagsúla
- Cartún do Chearta Leanaí – Cartún gearr faoi cheart leanaí chun príobháideachta, arna cheapadh do thionscnamh CÉINAL um Chartúin do Chearta Leanaí
- An Coimisinéir Cosanta Sonraí – Faigh amach faoi obair an Choimisinéara Cosanta Sonraí chun feasacht a fháil ar shaincheisteanna príobháideachta agus cosanta sonraí i measc daoine óga