Tá tú anseo:
Cosaint ó chogadh
Cad atá i gceist leis seo?
Tá sé de cheart agat a bheith cosanta má tharlaíonn cogadh i do thír féin.
Má tharlaíonn cogadh, tá sé de cheart agat dul chuig tír shábháilte agus ba chóir dóibh áit shábháilte a thabhairt duit fanacht.
Níor chóir go mbeadh aon saighdiúirí linbh ann. Tá sé de cheart agat faoin CNACL gan dul isteach san arm go dtí go bhfuil tú 15 bliana d’aois.
SAMPLA: In Éirinn, ní mór duit a bheith 18 mbliana d’aois chun dul isteach san arm.
Foghlaim tuilleadh faoin gceart seo
An bhfuil an ceart seo agam in Éirinn?
- In Éirinn, ní cheadaítear duit dul isteach san arm go dtí go bhfuil tú 18 bliana d’aois.
- Is tír neodrach í Éire, rud a chiallaíonn nach mbímid ag gabháil le ceachtar taobh má bhíonn cogaí ann.
- Más leanbh thú a chaithfidh tír a fhágáil mar gheall ar chogadh, tugtar dídeanaí ort uaireanta. Ba chóir go dtabharfaí áit shábháilte duit chun bheith i do chónaí agus níor cheart go mbeadh ort dul ar ais chuig do thír féin mura bhfuil sé sábháilte é a dhéanamh.
Tionscadal á dhéanamh?
- Peace Direct – Féach ar cad atá á dhéanamh ag daoine óga in áiteanna éagsúla ar fud an domhain chun síocháin a chruthú
- Cartún do Chearta Leanaí – Cartún gearr faoi cheart leanaí chun cosanta le linn cogaidh, arna cheapadh do thionscnamh CÉINAL um Chartúin do Chearta Leanaí
- Leanaí agus Coinbhleacht Armtha – Tá tuilleadh eolais faoi leanaí a dtéann coinbhleacht armtha i bhfeidhm orthu ar an suíomh gréasáin seo de chuid Ionadaí Speisialta na NA do Leanaí agus do Choinbhleacht Armtha
- Children, Not Soldiers – Faigh amach faoi thionscnamh na Náisiún Aontaithe um Leanaí, Ní Saighdiúirí chun deireadh a chur le húsáid leanaí mar shaighdiúirí i gcoinbhleacht armtha