Tá tú anseo:
Normáltacht Níos Fearr: Deireadh a chur le Bochtaineacht Leanaí. Deireadh a chur le Leanaí gan Dídean
- Meán Fomhair 2021
Tá Oifig an Ombudsman do Leanaí ag éileamh go mbunófaí Comhchoiste Oireachtais tras-rannach a bhfuil teorainn ama leis chun ranna Rialtais, iad siúd atá ag obair in earnáil na leanaí agus saineolaithe eile a thabhairt le chéile chun tionchar tapa agus bunathraithe a imirt ar an sprioc chun deireadh a chur le bochtaineacht leanaí agus deireadh a chur le heaspa dídine leanaí.
Chruthaigh Oifig an Ombudsman do Leanaí an doiciméad seo chun béim a chur ar an ngá atá le gníomhaíocht phráinneach pholaitiúil agus tras-rannach maidir le pleanáil do leanaí tar éis an choróinvíris. Leagann sé béim ar leith ar an deis atá ann chun deireadh a chur leis na saincheisteanna seanbhunaithe a bhaineann le bochtaineacht leanaí agus easpa dídine teaghlaigh a mbíonn tionchar acu ar gach gné de shaol leanaí.
Is pointe tosaigh é an doiciméad seo maidir le roinnt gníomhartha a d’fhéadfaí a dhéanamh chun athrú dearfach a thabhairt do leanaí a fhiosrú.
Downloads
- Meán Fomhair 2021