Skip to main content

Tá tú anseo:

Aighneacht Iúil 2024 ó Oifig an Ombudsman do Leanaí maidir le Straitéis Náisiúnta um Chuimsiú LADTI+ na Roinne Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige.

D’ullmhaíomar an aighneacht seo de bhun alt 7(1)(a) den Acht 2002, lena ndéantar foráil go gcuirfidh an Ombudsman do Leanaí comhairle ar an Aire faoi fhorbairt agus faoi chomhordú beartas bainteach le leanaí, agus alt 7(4) den Acht 2002, lena ndéantar foráil go rachfar i gcomhairle leis an Ombudsman do Leanaí faoi aon ábhar a bhaineann le cearta nó leas leanaí. Is é is aidhm leis an
aighneacht seo aird a tharraingt ar na bearta a mheasaimid a bheith riachtanach lena chinntiú go gcuirfear leanaí agus cearta leanaí san áireamh mar is cuí le linn don Straitéis Náisiúnta um Chuimsiú LADTI+ a fhorbairt.

Comhairliúchán a rinneadh maidir le hAighneacht OOL faoin Straitéis um Chuimsiú LADTI+