Tá tú anseo:
Tuarascáil Speisialta OOL maidir le Sábháilteacht agus Leas Leanaí i Soláthar Díreach
- Deireadh Fomhair 2023
- Cineál: Fiosrúchán
- Ábhar: Tithíocht, Inimirce
D’fhoilsigh Oifig an Ombudsman do Leanaí (OOL) Tuarascáil Speisialta maidir le Sábháilteacht agus Leas Leanaí i Soláthar Díreach. Seo an chéad uair riamh a cuireadh tuarascáil den chineál sin faoi bhráid an Oireachtais ó bunaíodh OOL in 2004.
D’fhoilsigh an tOmbudsman do Leanaí an tuarascáil seo toisc nach bhfuil sé sásta leis an bhfreagairt dá imscrúdú 2021 ar Sholáthar Díreach agus ceapann sé go ndearnadh an cás níos measa do leanaí atá ina gcónaí i gcóiríocht arna soláthar ag an Stát leis an bhfreagairt atá bunaithe ar ghéarchéim atá á cur i bhfeidhm faoi láthair ag an Rialtas. Ceapann sé freisin gur cuireadh stad le dul chun cinn ar an bPáipéar Bán maidir le Soláthar Díreach, nó go bhfuil dul ar gcúl i gceist leis, ó fhoilsiú chéad imscrúdú OOL ar Sholáthar Díreach in 2021.
- Deireadh Fomhair 2023
- Cineál: Fiosrúchán
- Ábhar: Tithíocht, Inimirce