Skip to main content

Tá tú anseo:

Aighneacht OOL ar an mBille um Chúirteanna Teaghlaigh

Rinne OOL aighneacht ar an mBille um Chúirteanna Teaghlaigh 2022. Chuir OOL an tuairim in iúl roimhe seo, agus ceapann sé fós, go bhfuil sé thar am athchóiriú a dhéanamh ar an gcóras ceartais teaghlach.

Inár n-aighneacht chuig Choiste na Náisiún Aontaithe um Chearta an Linbh in 2022, thugamar faoi deara nach dtacaíonn ár gcóras ceartais teaghlaigh reatha le leanaí, agus nach bhfuil sé deartha le leanaí san áireamh. Mar sin, cuireann OOL fáilte roimh fhoilsiú an Bhille um Cúirteanna Teaghlaigh (an Bille), toisc gur léiriú é ar an mbonn chun sainchóras cúirteanna teaghlaigh a bhunú in Éirinn, agus is céim thábhachtach í chun gealltanais agus fís fhoriomlán na Straitéise um Cheartas Teaghlaigh 2022-2025 a bhaint amach.