Skip to main content

Tá tú anseo:

Aighneacht OOL maidir le próiseáil sonraí pearsanta leanaí agus a gcearta mar ábhair sonraí faoin RGCS

I mí na Nollag 2018, sheol an Coimisiún um Chosaint Sonraí (DPC) comhairliúchán poiblí maidir le próiseáil sonraí pearsanta leanaí agus cearta leanaí mar ábhar sonraí faoin Rialachán Ginearálta um Chosaint Sonraí (RGCS).

I mí Eanáir 2019, sheol an CCS an dara sruth den chomhairliúchán seo, dírithe ar leanaí agus daoine óga a éascú chun a dtuairimí a roinnt maidir le saincheisteanna a bhaineann lena sonraí pearsanta agus lena gcearta mar ábhair sonraí.

Is í aidhm fhoriomlán na haighneachta seo, a dhíríonn ar roinnt saincheisteanna a d’ardaigh an CCS ina dhoiciméad comhairliúcháin phoiblí, ná dearcadh a thabhairt ar conas is féidir forálacha áirithe den RGCS a chur i bhfeidhm ar bhealach atá comhsheasmhach le cearta leanaí.