Tá tú anseo:
Aighneacht OOL ar an dréacht-Straitéis nua um Cheartas i leith an Aosa Óig 2020-2026
- Meitheamh 2020
- Cineál: Taisceadh
- Ábhar: Ceartas Óige
Tá aighneacht déanta ag Oifig an Ombudsman do Leanaí chuig an Roinn Dlí agus Cirt agus Comhionannais maidir leis an dréacht-Straitéis nua um Cheartas i leith an Aosa Óig 2020-2026. Cuireann OOL fáilte roimh fhoilsiú na Dréachtstraitéise agus roimh an gcomhairliúchán poiblí atá ar bun ina leith. Áirítear sa dréacht-Straitéis raon gnéithe dearfacha, lena n-áirítear fócas ar chosc agus ar idirghabháil luath agus ar bhearta chun comhoibriú agus comhordú idirghníomhaireachta a neartú. Is é is cuspóir dár n-aighneacht roinnt bealaí a mholadh ina bhféadfaí an dréacht-Straitéis a neartú tuilleadh chun cearta agus leas leanaí atá i dteagmháil leis an gcóras ceartais leanaí, nó atá i mbaol dul i dteagmháil leis, a chosaint níos iomláine.
Downloads
- Meitheamh 2020
- Cineál: Taisceadh
- Ábhar: Ceartas Óige