Skip to main content

Tá tú anseo:

Aighneacht OOL ar Rialáil Ábhar Díobhálach ar Ardáin Ar Líne

I mí Márta 2019, chuir an tAire Cumarsáide, Gníomhaithe ar son na hAeráide agus Comhshaoil ​​tús le comhairliúchán poiblí ar rialáil ábhar díobhálach ar ardáin ar líne agus ar chur i bhfeidhm na Treorach athbhreithnithe um Sheirbhísí Meán Closamhairc (AVMSD).

Is í aidhm shonraithe an chomhairliúcháin seo ná “dearcthaí na saoránach agus na bpáirtithe leasmhara a lorg maidir le cur chuige insroichte, comhréireach agus éifeachtach chun ábhar díobhálach a rialú, go háirithe ar líne”.

Is é príomhchuspóir na haighneachta seo béim a chur ar dhualgais an Stáit i leith leanaí, go háirithe faoi Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe um Chearta an Linbh (UNCRC) agus maidir leis na réimsí gaolmhara de chearta leanaí ar líne agus cearta leanaí agus gnó.

Tá OOL den tuairim gur gá don Roinn Cumarsáide, Gníomhaithe ar son na hAeráide agus Comhshaoil ​​(DCCAE) cearta leanaí a bhreithniú agus féachaint le héifeacht a thabhairt dóibh i gcomhthéacs tograí a fhorbairt le haghaidh Acht um Shábháilteacht ar Líne agus bunú Choimisinéara Sábháilteachta Ar Líne.