Skip to main content

Tá tú anseo:

Aighneacht OOL maidir leis an athbhreithniú ar thabhairt isteach féideartha uchtaithe oscailte nó leath-oscailte in Éirinn

Tá athbhreithniú á dhéanamh ag an Roinn Leanaí agus Gnóthaí Óige ar an bhféidearthacht uchtú oscailte nó leathoscailte a thabhairt isteach in Éirinn do leanaí uchtaithe faoi bhun 18 mbliana d’aois. Tá an tuairim curtha in iúl ag Oifig an Ombudsman do Leanaí (OOL) roimhe seo, agus tá sí fós den tuairim, gur cheart foráil fhoirmiúil chuí a dhéanamh le haghaidh cineálacha uchtaithe níos oscailte in Éirinn. Tugann an t-athbhreithniú reatha deis breithniú a dhéanamh ar an gcaoi a bhféadfaí an dlí agus an beartas poiblí in Éirinn a ailíniú go húsáideach le gnéithe den chleachtas reatha agus de na réaltachtaí atá ag teacht chun cinn dá ndéanfaí soláthar foirmiúil do ghlacadh oscailte agus leathoscailte.

Léigh ár n-aighneacht ina hiomláine