Skip to main content

Tá tú anseo:

Ráiteas Tosaigh Oifig an Ombudsman do Leanaí don Choiste Oireachtais um Achainíocha ón bPobal

An Coiste Oireachtais um Achainíocha ón bPobal agus an Ráiteas Tosaigh a rinne an Ombudsman do Leanaí Déardaoin, an 7 Márta 2024.

Ba mhaith liom buíochas a ghabháil leis an gCathaoirleach agus leis an gCoiste as cuireadh a thabhairt dom teacht anseo inniu chun labhairt faoin obair atá ar siúl ag Oifig an Ombudsman do Leanaí, nó OOL, agus go háirithe faoinár dTuarascáil Bhliantúil 2022. I m’fhochair inniu, tá Iníon Nuala Ward, Stiúrthóir Imscrúduithe.
Ba trí bhíthin an Achta um Ombudsman do Leanaí, 2002, a cuireadh OOL ar bun in 2004. Is mise an dara Ombudsman do Leanaí atá ann go dtí seo. Ceapadh mé in 2015 agus athcheapadh mé den dara huair agus den uair dheireanach in 2021. Is comhlacht neamhspleách reachtúil é OOL a bhfuil dhá phríomhról aige:
Déileáil le géaráin déanta ag, nó ar son, leanaí maidir le gníomhartha eagraíochtaí poiblí
Chun cearta agus leas leanaí faoi 18 mbliana d’aois ina gcónaí in Éirinn a chur chun cinn.
Tabharfaidh mé cuntas anois ar chuid den obair a thug m’Oifig chun críche in 2022.

2022 – Falling Behind
Foilsíodh ár dTuarascáil Bhliantúil 2022 ar an 16 Bealtaine 2023. Thugamar “Falling Behind” ar an tuarascáil seo ós léir dúinn ón obair atá ar siúl againn go bhfuil neart saincheisteanna ann in bhfuil Éire ag titim chun deiridh i gcás cearta leanaí.
Rinneadh 1.812 gearán le m’Oifig in 2022 agus ba é oideachas an chúis ghearáin ba mhó (30%) fad is go raibh bulaíocht, díbirt nó cur ar fionraí, agus acmhainní don oideachas speisialta ina n-ábhar gearáin ag mórán.
Tugtar tosaíocht in Falling Behind do scéalta roinnt leanaí ar oibrigh OOL leo an bhliain sin. Orthu sin, bhí scéal Aisling, cailín a d’inis dúinn faoin gcaoi ar chuir an scoil ina luí uirthi gurbh ise ba chiontach nuair a rinne sí líomhain de mhí-úsáid ghnéasach agus b’amhlaidh go ndearna daltaí eile bulaíocht uirthi mar dhíoltas as an mí-úsáid a thuairisciú. Rinne OOL beart ina leith agus faoi dheireadh ghabh an scoil a leithscéal le Aisling agus rinne an Bord Bainistíochta a chuid beartas a nuashonrú.
In 2022, dhírigh cuid mhaith d’obair OOL ar athbhreithniú Choiste na Náisiún Aontaithe um Chearta an Linbh ar chás na hÉireann. I measc seo bhí:
– tuarascáil chuimsitheach mhalartach a chur le chéile do Choiste na NA um Chearta an Linbh, a tharraing aird ar réimsí is údair imní agus a rinne moltaí faoi na gníomhartha gur cheart don Stát a dhéanamh chun cur i bhfeidhm chearta an linbh a chur chun cinn,
– ag obair le Painéal Comhairleach na nÓg (PCÓ) de chuid OOL chun “Pieces of Us” a chur le chéile, tuarascáil leanaí le cur faoi bhráid an Choiste agus a ndeachthas i gcomhairle le breis agus 5,000 leanbh ina leith.
– turas chuig an nGinéiv le baill PCÓ i mí Mheán Fómhair 2022 chun páirt a ghlacadh i gcruinniú réamh-sheisiúnach leis an gCoiste agus tacú leo páirt a ghlacadh i gCruinniú na Leanaí leis an gCoiste, roimh don Choiste idirphlé dearfach a dhéanamh leis an Stát i mí Eanáir 2023.

D’fhoilsigh an Coiste a Thuairimí Deiridh i mí Feabhra 2023 agus, aon bhliain amháin ar aghaidh óna bhfoilsiú, scríobhamar chuig roinnt Airí le fiafraí díobh a bhfuil ar siúl ag a Ranna chun moltaí an Choiste a chur i bhfeidhm agus le cinntiú go léirítear meas ar chearta leanaí agus go gcosnaítear iad.

Thugamar faoi roinnt forbairtí reachtaíochta agus beartais a dhéanamh ó cheann ceann 2022. Ina measc seo, bhí an Bille Oideachais (Ligean Isteach i Scoileanna), 2020, athbhreithniú ar an bPlean Gníomhaithe maidir le Bulaíocht, forbairtí breise maidir leis an mBille (Leasú) um an Scéim Ghinearálta Mheabhairshláinte, na forálacha bainteach le máthairionadaíocht sa Bhille Sláinte (um Átairgeadh Daonna Cuidithe), agus comhairliúchán an Choimisiúin Tithíochta faoin gceart chun áitribh sa Bhunreacht. Thángamar os comhair Coistí Oireachtais eile freisin chun saincheisteanna bainteach le tacaíochtaí meabhairshláinte i scoileanna agus tacaíochtaí do leanaí ag teacht ón Úcráin a phlé. D’óstálamar díospóireacht chomhstádais i mí na Nollag 2022 freisin d’fhonn plé a dhéanamh ar fhreagairtí idir-rannacha agus tras-seirbhíse a d’fhéadfaí a thabhairt do dhéagóirí i mbaol a bhfuil riachtanais chasta acu agus ar chuir TUSLA i gcóiríocht neamhrialaithe iad go minic.

I mí Meithimh 2022, d’fhoilsíomar Plean le haghaidh Áiteanna, tuarascáil a dhíríonn ar phleanáil chun cinn d‘áiteanna ar scoil a sholáthar do leanaí a bhfuil riachtanais speisialta oideachais orthu (RSO). Tá sé beartaithe againn i mbliana iniúchadh a dhéanamh ar an méid dul chun cinn atá déanta, má tá a dhath déanta, maidir lenár moltaí (bunaithe ar an tuarascáil seo) a chur i bhfeidhm.

Bheartaíomar féachaint chuige go ndéanfaí taifead de smaointe agus de thaithí leanaí le linn na paindéime agus chuige sin sheolamar ár suirbhé ‘No Filter’ i mí Feabhra 2022 d’fhonn cluas a thabhairt do leanaí agus do dhaoine óga faoin gcineál saoil a bhí acu le linn na haimsire sin. Ba shuirbhé ar líne é No Filter inar tugadh tosaíocht do roinnt mhaith ceisteanna bunaithe ar na fadhbanna comónta ar cuireadh faoi bhráid OOL agus ar pléadh sna meáin iad. D’fhreagair 1,389 leanbh an suirbhé, agus fuarthas amach leis gur dhóigh le beagnach leath de na leanaí a ndearnadh suirbhé orthu gur tháinig athrú nach beag ar a saol i gcaitheamh an dá bhliain inar mhair an phaindéim – tháinig uaigneas ar 74% acu, agus chonacthas do 83% de na leanaí a ndearnadh suirbhé orthu go raibh drochthionchar de chineál éigin ag an bpaindéim ar a gcuid foghlama. Tugtar cuntas in Falling Behind freisin ar an bplé díreach a bhí ag OOL le leanaí ag na ceardlanna cearta leanaí a chuireamar ar siúl. Ba gheal linn fáilte a chur roimh 1,100 leanbh chuig an Oifig in 2022, chomh maith leis na leanaí a casadh orainn le linn cuairteanna for-rochtana a thabhairt ar scoileanna, ar othair chónaitheacha in aonaid CAMHS [Seirbhísí Meabhairshláinte do Leanaí agus d’Ógánaigh] agus ar Champas Coinneála Bhaile an Oibricigh.

I mí Dheireadh Fómhair 2022, reáchtálamar imeachtaí i Sligeach agus i Luimneach do leanaí faoi mhíchumas. Is éard is Beyond Limits ann imeacht uathúil ar nós féile a chuirimid ar siúl do leanaí agus do dhaoine óga faoi mhíchumas agus dá dteaghlaigh le gur féidir leo taitneamh a bhaint as lá ionchuimsitheach agus inrochtana nach bhfuil aon easpa cainteoirí, léirithe agus gníomhaíochtaí ann. D’fhreastail breis agus 1,000 ar na himeachtaí seo. In mí na Nollag 2022, d’fhoilsíomar tuarascáil ar Athbhreithniú ar Acht an Ombudsman do Leanaí a choimisiúnaíomar. Cíortar sa tuarascáil seo an chaoi a bhféadfaí ról agus raon feidhme m’Oifige a neartú i roinnt réimsí. Táimid ag obair leis an an RLCMLÓ i dtreo na moltaí a rinneadh sa tuarascáil seo a chur i gcrích.

In 2022, d’óstálamar Cainteanna Leanaí ar imeacht é a reáchtálaimid gach bliain d’fhonn Lá Idirnáisiúnta na Leanaí a cheiliúradh. Tugann an t-imeacht seo ardán do leanaí inar féidir leo na saincheisteanna a bhfuil tábhacht leo ina súile a phlé. Seans gur cuimhin cuid agaibh an t-imeacht a reáchtálamar in 2022 sa Leabharlann anseo i dTeach Laighin agus ‘Dá mbeinn i mo
Thaoiseach ar Feadh Lae’ mar théama aige. Pléadh roinnt mhaith ábhar, lena n-áirítear easpa dídine, leasú oideachais, tacaíochtaí uathachais, inrochtaineacht, iompair tuaithe, cumhachtú na mban, an Ghaeilge agus éisteacht le leanaí ina measc.

Ceiliúrann OOL 20 bliain ar an bhfód i mbliana. Beidh imeachtaí éagsúla á reáchtáil againn ó cheann ceann na bliana le cothrom an lae a bunaíodh sinn a cheiliúradh. Mar chuid de sin, seolfaimid ár n-uas-cheannlíne, Tosaíonn an Todhchaí Linn. Uas-cheannlíne a forbraíodh tar éis ceardlann comhairliúcháin a reáchtáil le Painéal Comhairleach na nÓg s’againne.
I mbliana, arb í an bhliain dheiridh de phlean straitéiseach reatha trí bliana OOL, leanaimid orainn i dtreo ár dtosaíochtaí straitéiseacha a bhaint amach, is é sin, cearta leanaí chun an caighdeán mheabhairshláinte is airde agus is féidir a bhaint amach; féachaint chuige go bhfuil leanaí faoi mhíchumas in Éirinn le feiceáil, go n-éistfear leo agus go n-áireofar iad; agus go mbeidh tionchar againn ar an gcóras oideachais a bheidh ann amach anseo.
Ag tús 2024 den chéad uair riamh, chuireamar tuarascáil faoi bhráid Choiste na Náisiún Aontaithe um Chearta Eacnamaíocha, Sóisialta agus Cultúrtha mar chuid den bhreithniú tréimhsiúil a bhíonn ar siúl ag an gCoiste céanna ar staid na hÉireann maidir leis na cearta seo. I measc na réimsí imní ar tharraing OOL aird orthu, bhí an méid a chaitheann an Rialtas ar leanaí, idirdhealú i gcoinne leanaí, foréigean baile, rochtain ar oideachas, meabhairshláinte agus seirbhísí míchumais agus bochtaineacht leanaí.
Go raibh maith agaibh arís as cuireadh a thabhairt dom bualadh libh inniu. Tá mé féin agus mo chomhghleacaí Nuala Ward breá sásta aon cheist atá agaibh a fhreagairt.

DEIREADH