Skip to main content

Tá tú anseo:

Pieces of Us – What’s Next?

I mí Iúil 2023, reáchtálamar comhdháil leanaí maidir leis na Breithnithe Deiridh. Agus lucht PÓC s’againne mar óstach ag an gcomhdháil agus iad ann chun cúrsaí a éascú, tháinig 100 leanbh ó cheann ceann na hÉireann le chéile chun moltaí Choiste na Náisiún Aontaithe a mheas agus chun a dtuairimí a roinnt faoi na nithe ar cheart tús áite a thabhairt dóibh chun na moltaí seo a chomhlíonadh. Mar is dual do leanaí, ní raibh aon easpa smaointe ar na leanaí seo faoi na bealaí inar féidir a saol a fheabhsú. Cuirtear i láthair sa tuarascáil seo, Pieces of Us – What’s Next?, a dtuairimí ar chuid de Bhreithnithe Deiridh an Choiste arbh fhéidir leis an Stát iad a chur i ngníomh. Ar na moltaí a rinne leanaí, bhí athruithe ar oiliúint do mhúinteoirí, saoráidí fóillíochta níos inrochtana agus imeachtaí pobail chun dul i ngleic le hidirdhealú. Bheadh gá le hinfheistíocht nach beag agus le hathrú córasach chun cuid dár moltaí a chur i gcrích; níor ghá ach mionchoigeartuithe a dhéanamh ar an gcaoi a dtéitear i mbun cúrsaí faoi láthair chun cuid eile acu a chur i gcrích.