Skip to main content

Tá tú anseo:

Cóireáil Scolóise do Ivy Nuashonrú 2024

I mí Meithimh 2023, d’fhoilsigh Oifig an Ombudsman do Leanaí (OOL) imscrúdú ar éifeachtúlacht phróiseas pleanála ildisciplíneach FSS ag Sláinte Leanaí Éireann (CHI) ag Sráid an Teampaill maidir le cóireáil scolóise a sholáthar do Ivy* (17), a bhí ag fanacht le hobráid comhtháthaithe dromlaigh ó bhí 2016 ann. Rinneadh seacht moladh inár dtuarascáil ar aontaigh CHI iad a chur chun cinn.

Ó foilsíodh imscrúdú Ivy ar dtús, tá ábhair imní mhóra tagtha chun cinn maidir le sábháilteacht roinnt leanaí ar a bhfuil scolóis a bhfuil cóireáil á fáil acu laistigh de CHI. I gcomhthráth leis sin, tá ábhair imní tagtha chun cinn freisin faoi riar an CHI maidir le maoiniú breise arna leithdháileadh ag an Aire Sláinte chun aghaidh a thabhairt ar shaincheisteanna a bhaineann le cóireáil scolóise.

Chuaigh an nochtadh sin faoi chleachtais agus saincheisteanna rialachais i bhfeidhm ar iarrachtaí CHI ár moltaí a chur chun cinn Mar gheall ar na forbairtí sin, cailleadh muinín sa chaidreamh a bhí achrannach cheana féin idir CHI agus cuid de na grúpaí abhcóideachta agus na leanaí agus na teaghlaigh dá ndéanann siad ionadaíocht.

Is nuashonrú é sin ar an dul chun cinn atá déanta maidir le Cás Ivy