Skip to main content

Tá tú anseo:

Aighneacht chuig an UNCRC maidir le Barúil Ghinearálta Uimh. 27 ‘Cearta Leanaí ar Rochtain ar Cheartas agus ar Leigheasanna Éifeachtacha’

Réamhrá

Tá an aighneacht sin á déanamh ag OOL de bhun alt 7(1)(e), lena ndéantar foráil don Ombudsman do Leanaí aird a tharraingt ar shaincheisteanna a bhaineann le cearta agus leas leanaí is ábhar imní do leanaí. Ina mBreithnithe Deiridh 2023, shainaithin Coiste na Náisiún Aontaithe um Chearta an Linbh (an Coiste) ceartas leanaí mar cheann de na príomhréimsí imní a gcaithfidh Éire bearta práinneacha a ghlacadh ina leith. Tá áthas ar OOL gur chinn an Coiste a 27ú Barúil Ghinearálta a thiomnú do chearta an linbh chun rochtain a fháil ar cheartas agus ar leigheasanna éifeachtacha.

Is é is cuspóir don aighneacht sin cur leis na ceisteanna treorach a ardaíodh i nglao an Choiste ar aighneachtaí maidir le:

  • tuiscint leanaí ar cheartas agus ar leigheasanna; agus
  • bacainní lena gcuirtear cosc ​​ar leanaí rochtain a fháil ar cheartas agus ar leigheasanna éifeachtacha.

Agus an aighneacht sin á hullmhú againn, rinneamar tagairt don obair atá forbartha ag OOL le cúpla bliain anuas, maidir le comhairliúchán a rinne ár nAonad Rannpháirtíochta agus Oideachais maidir le Cearta an 13 Lúnasa le  Painéal Comhairleach na nÓg (PCÓ) ar rochtain ar cheartas agus leigheasanna éifeachtacha, agus maidir le taighde comhlántach a rinneadh sa réimse sin.

 

Cad é an Bharúil Ghinearálta

Le linn a 95ú seisiún i mí Eanáir 2024, chinn an Coiste um Chearta an Linbh Barúil Ghinearálta maidir le Cearta an Linbh ar Rochtain ar Cheartas agus ar Leigheasanna Éifeachtacha a dhréachtú.

Le barúlacha ginearálta, tugtar léirmhíniú údarásach ar na cearta atá i bhforálacha an Choinbhinsiúin um Chearta an Linbh agus mar sin, cuireann siad cion luachmhar le forbairt agus le cur i bhfeidhm an dlí idirnáisiúnta um chearta an duine. Is é an príomhchuspóir atá le barúil ghinearálta ón gCoiste um Chearta an Linbh cur chun feidhme an Choinbhinsiúin ar an leibhéal náisiúnta a chur chun cinn.

I mBarúil Ghinearálta N.27, soiléireofar coincheapa agus téarmaíocht maidir le cearta an linbh ar rochtain ar cheartas agus ar leigheasanna éifeachtacha. Chomh maith leis sin, soláthrófar treoir léi maidir le cumhachtú gach linbh mar shealbhóirí ceart a chinntiú, lena n-áirítear cosantóirí chearta an duine ar leanaí iad, chomh maith leis na leanaí sin a bhfuil baint acu le próisis cheartais (amhail cúisí, íospartach, lena n-áirítear íospartach an fhoréigin ghnéasaigh, finnéithe, iad siúd a bhfuil cúram agus cosaint de dhíth orthu, éilitheoirí agus freagróirí). Sa nóta coincheapa don bharúil ghinearálta, leagtar amach an téarmaíocht, leagtar amach scóip réamh-mheasta na barúla ginearálta agus leagtar amach na príomh-shaincheisteanna a bhfuil sé mar aidhm leis aghaidh a thabhairt orthu.

 

An fáth a ndearnamar aighneacht

Is institiúid náisiúnta um chearta an duine é OOL atá freagrach as aird a tharraingt ar shaincheisteanna a bhaineann le cearta agus le leas leanaí is ábhar imní do leanaí. Ina mBreithnithe Deiridh 2023, shainaithin Coiste na Náisiún Aontaithe um Chearta an Linbh ceartas leanaí mar cheann de na príomhréimsí imní a gcaithfidh Éire bearta práinneacha a ghlacadh ina leith.

Is é is cuspóir don aighneacht sin cur leis na ceisteanna treorach a ardaíodh i nglao an Choiste ar aighneachtaí maidir le:

  • tuiscint leanaí ar cheartas agus ar leigheasanna; agus
  • bacainní lena gcuirtear cosc ​​ar leanaí rochtain a fháil ar cheartas agus ar leigheasanna éifeachtacha.

Bhí torthaí an chomhairliúcháin a rinne ár bhfoireann Oideachais agus Rannpháirtíochta maidir le Cearta le Painéal Comhairleach na nÓg OOL ar an 13 Lúnasa 2024 mar bhonn eolais faoi aighneacht OOL.

 

Cad é tuiscint leanaí ar cheartas agus ar leigheasanna?

Le torthaí ónár gcomhairliúchán PCÓ, léirítear cé chomh ilghnéitheach agus atá coincheap na rochtana ar cheartas agus an dóigh a dteastaíonn gníomh maidir le feabhas a d’fhéadfaí a dhéanamh thar go leor réimsí, mar a sonraíodh i gcomhdháil a d’óstáil Grúpa Oibre an Phríomh-Bhreithimh ar Rochtain ar Cheartas.

Dúirt PCÓ maidir le ‘gceartas’, go gcuidíonn sé leo siúd atá i ngátar; “cothroime agus comhionannas idir gach duine beag beann ar a gcúinsí”, “gach rud atá tuillte agat a fháil”, “ord a athbhunú”, ag aithint ag an am céanna “go ndéantar neamhshuim dóibh siúd atá in ainm a gceartas a fháil go minic”, “ba chóir go mbeimid níos eolasaí faoi”, agus “go n-aistríonn coincheap an cheartais dá shaibhre is atá tú”. Tuigeadh gurb é a bhí i gceist le ‘rochtain ar cheartas’ ná cuidiú a fháil, dul os comhair breithiúna agus múinteoirí agus go n-éistfidh siad leat, aitheantas, admháil agus tuiscint a fháil, níos mó eolais a fháil nach bhfaighfeá leat féin, agus go gciallaíonn sé “go bhfuil a fhios agat cá háit le dul chun cuidiú a fháil mura bhfuil ceartas á sholáthar duit.” Sainaithníodh “daoine údaráis”, “caomhnóir/tuismitheoir iontaofa, póilíní nó fiú OOL”, múinteoirí, cairde, oibrithe óige, dochtúirí, oibrithe sóisialta, aturnaetha/dlíodóirí mar dhaoine ‘ar chóir labhairt leo i gcás ina dtarlódh sáruithe ar chearta’. Luadh go raibh muinín an-tábhachtach sa chomhthéacs sin.  Maidir le ‘cad a chuidíonn le leanaí ceartas a fháil’, i measc thuairimí PCÓ, tá: déileáil le daoine atá “iontaofa”, gairmithe a bhfuil taithí acu ar bheith ag plé le leanaí, dóthain “spáis agus ama a thabhairt do leanaí lena saincheist a mhíniú”, ligeann do leanaí a roghnú cé a bheidh i láthair agus a saincheist á míniú acu, costais a laghdú, faisnéis a chur in áiteanna inar féidir le daoine óga é a fheiceáil, tacaíocht ó phiaraí, comhairleoireacht d’íospartaigh leanaí agus finnéithe coireanna roimh an gcúirt, lena linn agus ina diaidh, tacaíochtaí do leanaí faoi mhíchumas agus do leanaí nach labhraíonn an teanga.

 

Bacainní lena gcuirtear cosc ​​ar leanaí rochtain a fháil ar cheartas agus ar leigheasanna éifeachtacha.  

Bacainní uileghabhálacha

  • Nár ionchorpraíodh Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe um Chearta an Linbh (an Coinbhinsiún) go hiomlán i reachtaíocht intíre na hÉireann, rud a fhágann go bhféachtar ar chearta leanaí mar chearta uaillmhianacha agus ní mar chearta inbhreithnithe. Mar gheall ar ionchorprú dlíthiúil píosa ar phíosa atá déanta go dtí seo, ní sa Choinbhinsiún ach údarás áititheach sna cúirteanna intíre go minic, agus ní féidir le daoine aonair leigheasanna a iarraidh as sárú ar fhormhór a gceart os comhair chúirteanna na hÉireann.[1]
  • Mar thoradh air sin, is minic nach mbreathnaítear ar leanaí in Éirinn mar shealbhóirí ceart nó mar dhaoine aonair uathrialacha lena ngníomhú féin, agus tá an meon ‘ba chóir leanaí a fheiceáil agus gan iad a chloisteáil’ fós ann. Agus aird á tabhairt ar stádas leanaí mar ábhar ceart agus ar chearta leanaí, inár n-aighneacht ar Chóras Ceartais Teaghlaigh náisiúnta, mhol OOL, chun tús áite a thabhairt do leanaí sa chóras ceartais, ba cheart go dtreorófaí gníomhartha agus cinntí de réir leas an linbh ón tús. Chomh maith leis sin, chuideodh fócas ar leas leanaí le seasamh le ceart leanaí chun éisteachta.
  • Faoi láthair, ní thugtar tacaíocht iomlán do leanaí (amhail íospartaigh, cosantóirí, finnéithe), lena dtuairimí a chur in iúl go díreach mar ábhair ceart maidir le cinntí a mbíonn tionchar acu orthu. I gcomhairliúcháin don Ghrúpa Maoirseachta um Cheartas Teaghlaigh, dúirt leanaí gur theastaigh tuilleadh deiseanna/roghanna uathu lena dtuairimí a chur in iúl agus go n-éistfí leo m.sh., deis lena dtuairimí a chur in iúl go príobháideach (gan a gcuid tuismitheoirí más mian leo sin).
  • Maidir le guth an linbh a chuimsiú, lean OOL leis an dearcadh a athdhearbhú go bhfuil an dlí agus an cleachtas atá ann cheana féin thar a bheith easnamhach agus go bhfuil obair shuntasach fós le déanamh chun ceart bunreachtúil leanaí chun éisteachta faoi Airteagal 42A.4.2 a bhaint amach. Ardaíodh na hábhair imní sin freisin i dTuarascáil Chomhthreomhar OOL don Choiste, lena n-áirítear i ndáil le tuarascálacha saineolaithe ar imeachtaí an dlí teaghlaigh. Anuas air sin, léirítear leis an bhfianaise go léir, gur fóram sáraíochta atá inár gcúirteanna faoi láthair, ag a bhfuil saoráidí nach bhfuil oiriúnach do rannpháirtíocht leanaí, agus baill foirne nár cuireadh an oiliúint is gá chun rannpháirtíocht leanaí a éascú ar bhealach éifeachtach agus cuí ar fáil dóibh. [2]
  • Mar a luaigh IHREC, agus ceart an linbh chun éisteachta á bhaint amach, tá sé de dhualgas ar Stáit cumas linbh a mheasúnú go hiomlán, a mhéid is féidir, lena dtuairimí féin a chruthú agus ba chóir dóibh glacadh leis go bhfuil an cumas sin ag leanbh. Ba cheart na modhanna a úsáidtear chun éisteacht le guth an linbh: “a chur in oiriúint do leibhéal tuisceana agus cumas cumarsáide linbh agus chun cúinsí an cháis a chur san áireamh” agus ba cheart dul i gcomhairle le leanaí “faoin mbealach ar mian leo go n-éistfí leo.”

 

Bacainní dlíthiúla

  • Níl seasamh dlíthiúil ag leanaí in Éirinn imeachtaí a thionscnamh ina gceart féin. Caithfidh siad brath ar thuismitheoir/caomhnóir/duine fásta eile chun é sin a dhéanamh. I gcás ina bhféadfadh coinbhleacht leasa a bheith ann idir leas tuismitheora agus leas linbh/i gcás go bhfuil leanbh faoi chúram/ina leanbh scartha laistigh den chóras tearmainn, mar gheall ar easpa forála lena n-aithnítear seasamh dlíthiúil neamhspleách leanaí, d’fhéadfaí go gcuirfí bac orthu rochtain a fháil ar cheartas.[3] Mar an gcéanna, i gcomhthéacs an fhoréigin teaghlaigh, ní fhoráiltear le hAcht 2018 go ndéanfaidh leanbh iarratas cúirte ar orduithe cosanta agus sábháilteachta as/aisti féin (Tuarascáil Chomhthreomhar OOL chuig UNCESCR). I gcomhthéacs leanaí agus an ghníomhaithe ar son na haeráide, féach aighneacht OOL chuig an gComhairliúchán ar Phlean na hÉireann um Ghníomhú ar son na hAeráide.
  • Mar a luadh i dTuarascáil OOL, mar thoradh ar sheasamh na hÉireann, ní bhíonn leanaí le feiceáil nuair a bhaineann próisis dlí le teaghlaigh – m.sh. sa dlí inimirce, is minic go ndéantar iarratais ar áit chónaithe leanaí a chomhchuimsiú laistigh d’iarratas tuismitheora agus mar sin, ní scrúdaítear riachtanais aonair an linbh, ar leith ó riachtanais/éilimh a dteaghlaigh.

 

Bacainní socheacnamaíocha

  • Bochtaineacht. D’aithin PCÓ an costas ar cheartas, lena n-áirítear costas na hionadaíochta dlí, mar bhacainn do dhaoine bochta nó do dhaoine ó theaghlaigh ar ioncam níos ísle. Mar a sonraíodh le linn Chomhdháil Ghrúpa Oibre an Phríomh-Bhreithimh ar Rochtain ar Cheartas, is féidir leis an neamhábaltacht rochtain a fháil ar cheartas a bheith mar thoradh ar mhíbhuntáiste agus ar bhochtaineacht agus a bheith ina chúis le míbhuntáiste agus bochtaineacht, agus aird á tabhairt go seasta ar shaincheist na ‘héagóra cnuasaithe’. Fuarthas i dtaighde fairsing ar an gcostas a bhain le rochtain ar cheartas a sholáthar agus ar an gcostas gan déanamh amhlaidh, gur thuairiscigh 58% de na daoine a raibh fadhb amháin acu go raibh dhá fhadhb nó níos mó acu. Bíonn éifeacht chascáide ann i gcás a mhéad fadhbanna atá ag daoine, is amhlaidh is dóichí go mbeidh tuilleadh fadhbanna acu, agus roinnt athróga tuarthacha i gceist, amhail aois, míchumas, líon leanaí, ioncam agus inscne. Tarraingíodh aird freisin ar chostais fholaithe a mbíonn sé deacair ag daoine bochta iad a íoc (m.sh. costais iompair chuig tithe cúirte agus aturnaetha agus costais an chúraim leanaí). Chomh maith leis sin, féadfaidh moill ar dhátaí éisteachta na costais sin a mhéadú.
  • Fadhbanna maidir le rochtain ar chúnamh dlíthiúil/seirbhísí dlí.. Tá na saincheisteanna sin níos measa fós mar gheall ar an ngéarchéim costais maireachtála, agus ar an méadú ar theaghlaigh/leanaí atá bocht. Tá gá le beartas soiléir maidir le cathain is féidir le leanaí rochtain a fháil ar chúnamh dlíthiúil, agus ba cheart go mbeadh sé saor in aisce do leanaí agus nach mbeidh sé ag brath ar ioncam a dtuismitheoirí, go háirithe nuair a bhíonn coinbhleacht leasa ann idir tuismitheoirí agus leanaí. I dTuarascáil Chomhthreomhar OOL chuig UNCESCR, d’ardaíomar nach bhfuil an ceart ag íospartaigh an fhoréigin teaghlaigh cúnamh dlíthiúil éigeantach saor in aisce a fháil, agus go bhféadfadh sé go gcuirfeadh sin bac orthu ceartais a iarraidh.
  • Ní chlúdaíonn cúnamh dlíthiúil sibhialta saincheisteanna dlí a bhaineann le tithíocht, rud a théann i gcion ar an rochtain ar cheartas leanaí a bhfuil cónaí orthu i gcóiríocht éigeandála/tithíocht neamhshlán nó faoi bhun an chaighdeáin.

 

Bacainní eile

  • Easpa sonraí díchomhbhailithe ar leanaí agus ar an gcóras ceartais[4], lena n-áirítear maidir le rochtain ar cheartas agus leigheasanna éifeachtacha, na cineálacha leanaí atá ag déileáil leis an gcóras, torthaí na bpróiseas sin, eispéireas an linbh ar an bpróiseas, srl.
  • Easpa bealaí a thacaíonn le leanaí chun rochtain a fháil ar cheartas agus leigheasanna i leith sáruithe ar chearta, lena n-áirítear bealaí malartacha amhail sásraí gearán, a dhírítear go príomha ar dhaoine fásta. Mar shampla, go traidisiúnta, ní dhéanann Institiúidí Náisiúnta um Chearta an Duine (OOL san áireamh) idirghabháil má dhéanann leanbh gearán in aghaidh comhlachta phríobháidigh. Mar gheall ar an teorannú sin, ní féidir le leanaí teacht ar leigheasanna éifeachtacha.
    Tugann Liefaard[5] dá aire go bhfuil trí ghné i gceist le rochtain atá “íogair i leith leanaí” ar cheartas: faisnéis a thacaíonn le leanaí, rannpháirtíocht leanaí in imeachtaí, agus leigheasanna a thacaíonn le leanaí. Léirítear na gnéithe sin i dTreoirlínte ó Chomhairle na hEorpa maidir le Ceartas a Thacaíonn le Leanaí, agus molaimid don Choiste iad sin a chur san áireamh agus GC.27 á dhréachtú.
    In Éirinn, tá imní ann go bhfuil rochtain ar scrúdaitheoirí fóiréinseacha 24 uair an chloig taobh amuigh de na gnáthuaireanta do leanaí a dhéanann gearán faoi fhoréigean gnéasach teoranta, agus go b’fhéidir go mbeadh ar leanaí taisteal ar feadh suas le 5 huaire an chloig chun rochtain a fháil ar sheirbhísí dá leithéid. Is fadhb í sin ós rud é gurb é 72 uair an chloig an t-achar ama fóiréinseach maidir le leanaí roimh chaithreachas. Maidir le cuir chuige nuálach, in Athbhreithniú ar Phróiseáil Cionta Gnéasacha in Éirinn, léirigh breithiúna suim i gcur chuige ilghníomhaireachta agus mhol siad straitéis ilghníomhaireachta chun déileáil le moilleanna, go háirithe i gcás leanaí. Bhraith na breithiúna go gcaithfí leanaí a aistriú tríd an gcóras go gasta agus d’áitigh siad gur cheart comhagallaimh le leanaí, mar a dhéantar i dtionscadal píolótach Barnahus, a mheas ar bhonn náisiúnta chun agallaimh iomadúla a sheachaint.
  • D'ardaigh PCÓ chomh maith le hilfhoinsí taighde eile easpa faisnéise atá aois-oiriúnach do leanaí agus a thacaíonn leo maidir leis an bpróiseas dlí freisin mar shaincheist. I gcomhairliúcháin don Ghrúpa Maoirseachta um Cheartas Teaghlaigh, tháinig rochtain ar fhaisnéis chun cinn mar mhórtheachtaireacht. D’éiligh leanaí go gcuirfí feabhas ar chumarsáid, (m.sh., le tuismitheoirí, le scoileanna) agus go mbeadh baint níos mó acu leis an bpróiseas. Mar thoradh air sin, áiríodh é sin i ngníomh de chuid na Straitéise um Cheartas Teaghlaigh. In Pieces of Us, chuir leanaí béim arís agus arís eile ar an tábhacht a bhaineann le faisnéis a thacaíonn le leanaí. Léiríodh i dtionscadal taighde a rinne Comhairle na hEorpa faoi Leanaí mar chosantóirí chearta an duine san Eoraip, nach bhfuil a fhios ag formhór na leanaí cá háit le teacht ar fhaisnéis inrochtana faoi conas dul chun na cúirte/dlíodóir a aimsiú. Ní raibh a fhios ag ach 17% acu go raibh faisnéis a thacaíonn le leanaí ar fáil sna cúirteanna nó níor chuala siad faoi, agus bhí siad a bhuíoch le faisnéis a chuir eagraíocht na ndlíodóirí nó eagraíochtaí sochaí sibhialta ar fáil. Tharraing Oifig an Ombudsman do Leanaí é seo aníos freisin mar shaincheist a bhí leanaí in Ionad Coinneála Bhaile an Oibricigh thíos leis. Le linn na gcuairteanna a thugamar ar an áit seo, ba léir dúinn nár thuig na leanaí ar cosantóirí iad an próiseas i gcónaí agus gan teacht acu ar idirghabhálaithe a chabhródh leo leis sin. Cuir i gcás, bhí deacrachtaí foghlama ag cuid acu nó gan iad in ann iad féin a chur in iúl go rómhaith. Ní i gcónaí a thuig siad coinníollacha a mbannaí agus minic go leor ní raibh siad in ann é seo a chur in iúl don Chúirt/d’ionadaithe dlíthiúla. De bharr na ndeacrachtaí seo, bhí an ráta atitimeachais i measc na ndaoine óga seo ní ba mhó.
  • Easpa oiliúna ar ghairmithe dlíthiúla maidir le cearta leanaí agus na sainriachtanais agus leochaileachtaí atá ag leanaí. Tharraing PCÓ aird air seo freisin agus pléadh go mion é sna foinsí a raibh teacht againn orthu. Tugtar faoi deara sa dlí-eolaíocht ón ECHR [an Coinbhinsiún Eorpach um Chearta an Duine] go nglactar leis nach féidir leis an gcúisí páirt éifeachtach a ghlacadh i seomra na cúirte gan tuiscint measartha maith a bheith aige nó aici ar bhunghnéithe phróiseas na trialach, impleachtaí aon phionóis a d’fhéadfaí a ghearradh orthu san áireamh. Dá bhrí sin, i gcás ionadaíocht a dhéanamh do chosantóirí óga, ní mór dlíodóirí oilte a fháil dóibh a bhfuil seantaithí acu ar bheith ag plé le leanaí.[6]
  • Gan a dhóthain bonneagair ann chun tacú le riachtanais leanaí. Tá le tuiscint ón bhfianaise, cé go bhfuil corrshampla ann de shaoráidí maithe a bheith ann, tarlaíonn mórchuid imeachtaí cúraim leanaí na Cúirte Dúiche i saoráidí nach bhfuil maith a dhóthain ó thaobh struchtúir de (iad thíos le heaspa spáis, easpa príobháideachta, drochfhuaimíocht, gan dóthain scartha iontu ó chásanna coiriúla, iad neamhshábháilte, agus de mhianach iontu imní a mhúscailt i nduine), rud a chuireann isteach ar sheoladh réidh na n-imeachtaí agus ar na gairmithe/teaghlaigh atá páirteach iontu. [7] Maidir leis na saoráidí, labhair lucht PCÓ, ní hamháin faoi na cúirteanna, ach faoi stáisiún na nGardaí agus faoi oifigí na bpríomhoidí freisin. Ba é an cuntas a chualathas faoi stáisiúin na nGardaí go minic go raibh siad folamh, gann i bhfoireann, scanrúil agus gan atmaisféar oscailte muinteartha iontu a chuirfeadh leanaí ar a suaimhneas. Mar an gcéanna, ba mar áit dhoicheallach “a chuirfeadh scéin i nduine’ a cuireadh síos ar oifig Phríomhoide fad is a bhíothas den tuairim gur áiteanna níos sábháilte, cairdiúla iad oifigí treoirchomhairleoirí agus suíocháin chompordacha iontu. Dúradh go raibh atmaisféar bagrach i réim sna cúirteanna agus an chuma orthu ‘gur dearadh iad le ceann faoi a chur ar dhuine’.
    Nuair a fiafraíodh díobh cén chuma go mba cheart a bheith ar chúirteanna dá mbeadh an saol gan locht, ba iad seo roinnt de na freagraí a fuarthas ó lucht PCÓ:

    • Iad “glas ar nós chúr na farraige”, dathanna sólásacha, suaimhneasacha a úsáid seachas dathanna donna, dearga;
    • “Bheadh cuma gheal fháiltiúil orthu. Ní fhéachfadh dream amháin le ceann faoi a chur ar an dream eile agus chruthófaí spás suaimhneasach dá bharr a d’fhónfadh do d’fhíorchumarsáid a dhéanamh toisc gur bhraith gach duine go raibh siad ar an leibhéal céanna. Éadaí neamhfhoirmeálta, neart dathanna agus atmaisféar teolaí ann: más spás beag atá ann, ná bíodh sé ina thranglam le rudaí ar chaoi a gcuirfeadh ina luí ar dhaoine go bhfuil siad scoite amach ón saol”.
    • Lasmuigh de sheomra na cúirte, ba cheart spásanna oiriúnach do leanaí a bheith ann mar aon le seomraí sosa agus seomraí na gcéadfaí do chairde, do thuismitheoirí, agus do na daoine a bhfuil muinín agat orthu.
  • Gan dóthain socrúchán cuí iontu. Le linn dár bhfeidhm gearán agus imscrúduithe a dhéanamh, casadh leanaí faoi shainchúram orainn a rabhthas a gcoinneáil nuair nach raibh gá leis a thuilleadh. Ceileadh a gceart chun saoirse orthu ar an gcaoi sin. Tharla imeachtaí Ard-Chúirte inar chuir an breitheamh fad le hordú sainchúraim ar bhonn ‘leas an linbh’ – is é sin, is fearr don leanbh a bheith i gcúram slán ná an rogha eile a bhí ar fáil i bhfianaise socrúcháin íoschéimneacha/chuí a bheith gann. Tá imní orainn faoi leanaí sa chás seo agus faoin gcaoi ar féidir a gcearta a sheasamh go héifeachtach.

 

Grúpaí leanaí atá go mór faoi mhíbhuntáiste maidir lena gceart chun rochtain ar an gceartas agus réitigh éifeachtacha a fháil.

  • Imircigh linbh. Idtuarascáil Oifig an Ombudsman do Leanaí, sainaithníodh easpa teacht ar chomhairle agus ar ionadaíocht dhlíthiúil mar bhac ar leanaí stádas inimirce socair a fháil sa Stát, bíodh sin mar theifeach nó faoi stádas cónaitheacha eile. I measc na bpríomh-mholtaí a rinneadh, bhí moladh go n-éascófaí rochtain ar chúnamh dlí/ar chomhairle dlí d’imircigh linbh. Bac eile ar tharraing PCÓ aird air ná gan teacht rómhór a bheith ann ar sheirbhísí ateangaire.
  • Leanaí ó theaghlaigh ar ioncam íseal Tugadh faoi deara i dtuarascáil Oifig an Ombudsman do Leanaí ar Unmet Needs go bhfuil éagothromas ann sa chaoi ina ndéantar an scéal a leigheas nuair a sháraítear oibleagáidí dlíthiúla i leith leanaí. Tugtar tús áite do theaghlaigh a bhfuil sé d’acmhainn acu agóidí dhlíthiúla a dhéanamh, rud nach bhfuil ar a gcumas ag teaghlaigh ar ioncam íseal.
  • Leanaí faoi mhíchumas. Is léir ó thaighde a rinneadh go bhfuil bacainní ann, bacainní bonneagair, cuir i gcás easpa bealaí isteach chuig foirgnimh chomh maith le bacainní nóis imeachta amhail córais tacaíochta a bheith gann, easpa eolais inrochtana, easpa sainoiliúna, gan daoine a bheith ar an eolas faoi chearta daoine agus leanaí faoi mhíchumas, agus dearcthaí diúltacha i leith daoine faoi mhíchumas a bheith páirteach in imeachtaí.
  • Leanaí de chuid an Lucht Siúil. Is léir ó thaighde a rinneadh go ndúirt daoine den Lucht Siúil gur chuala siad ráitis ó Ghardaí agus ó bhreithimh a bhí ciníoch amach is amach. Is lú faoina leath geall leis muinín an Lucht Siúil sa Gharda Síochána i gcomparáid leis an bpobal i gcoitinne, agus is lú go mór an mhuinín atá acu as breithimh le hais na muiníne atá ag an bpobal i gcoitinne as an gcóras dlí.

Tagairtí:

[1] Kilkelly U., Lundy L. and Byrne B., Incorporating the UNCRC into national law (2021) lch.180.

[2] O’Mahony C., “Statement to Oireachtas Joint Committee on Justice and Equality” (2019) lch.4

[3] Féach Making Rights Real for Children: A Children’s Rights Audit of Irish law, lgh. 25-41.  Leagtar amach san fhoinse seo freisin an chaoi a bhfuil a mhalairt de sheasamh ann i Sasana, sa Bhreatain Bheag agus in Albain agus seasamh dlíthiúil ag leanaí i gcúinsí áirithe.

[4] Coulter C., Eagarfhocal: Transparency and Accountability in a Reformed System of Family Justice (2022) 25(1) IJFL 1.

[5] Ton Liefaard, Access to Justice for Children: Towards a Specific Research and Implementation Agenda.

[6] an Coinbhinsiún Eorpach um Chearta an Duine (an Mór-Dhlísheomra), breithiúnas an 16 Nollaig 1999, T. v. RA, Uimh. 24724/94, mír 88, agus breithiúnas an 16 Nollaig 1999, V. v. RA, Uimh. 24888/94, mír 90.

[7] Irish Journal of Family Law (2016) 19 (4), Child Care Proceedings and Family-Friendly Justice: The Problem with Court Facilities.