Skip to main content

Tá tú anseo:

Baintear den dul chun cinn leis an tréaniarracht chun áiteanna scoile a aimsiú do leanaí a bhfuil Riachtanais Speisialta Oideachais acu: Plean le haghaidh Áiteanna OOL, Dhá Bhliain ar Aghaidh

Déantar tréaniarracht go fóill gach Meán Fómhair chun áiteanna scoile oiriúnacha a aimsiú do leanaí a bhfuil Riachtanais Speisialta Oideachais acu, d’ainneoin an dul chun cinn atá déanta ag an Rialtas le blianta beaga anuas chun tús áite a thabhairt don fhadhb. Sin de réir Plean le haghaidh Áiteanna, Dhá Bhliain ar Aghaidh ó Oifig an Ombudsman do Leanaí (OOL), ina ndéantar scrúdú maidir le cé acu an ndearnadh nó nach ndearnadh dul chun cinn ar mholtaí a rinneadh inár dtuarascáil Plean le haghaidh Áiteanna roimhe seo in 2022, maidir le Pleanáil ar Aghaidh do Sholáthar Áiteanna Scoile do Leanaí a bhfuil Riachtanais Speisialta Oideachais (RSO) acu.

Cuireann an OOL fáilte roimh roinnt feabhsúchán suntasach ó foilsíodh an tuarascáil, lena n-áirítear achtú an Achta Oideachais (Foráil maidir le Leanaí a bhfuil Riachtanais Speisialta Oideachais acu) 2022, foilsiú Chomhairle Beartais na Comhairle Náisiúnta um Oideachas Speisialta (CNOS) maidir le Scoileanna agus Ranganna Speisialta, chomh maith le bunú an Choiste Chomh-aireachta um Leanaí, Oideachas agus Míchumas le déanaí. Ach níl na cúrsaí do-ghlactha atá roimh leanaí ag a bhfuil RSO agus roimh a dtuismitheoirí maidir le háiteanna scoile oiriúnacha a aimsiú gar dá mbailte, a bhfuil sé de cheart acu sin a dhéanamh, réitithe go fóill. Níl aon phlean cuimsitheach agus comhtháite ann fós chun a chinntiú go soláthraítear áit scoile ina c(h)eantar féin do gach leanbh ag a bhfuil RSO gan mhoill. Tá imní orainn freisin nach bhfuil sonraí leordhóthanacha ann le haghaidh pleanáil a dhéanamh do cháilíocht na n-áiteanna scoile sin agus chun monatóireacht a dhéanamh ar an gcáilíocht sin. 

Agus é ag labhairt faoi Plean le haghaidh Áiteanna, Dhá Bhliain ar Aghaidh, dúirt an tOmbudsman do Leanaí, an Dr Niall Muldoon:

“Gan amhras táimid in áit níos fearr anois maidir le tús áite a thabhairt do shaincheist na n-áiteanna scoile do leanaí ag a bhfuil RSO ná mar a bhíomar nuair a foilsíodh ár gcéad tuarascáil Plean le haghaidh Áiteanna dhá bhliain ó shin agus cuirimid fáilte roimh an dul chun cinn atá déanta ag an Roinn Oideachais chun dul i ngleic leis an bhfadhb sin. Ach feicimid an tréaniarracht chéanna fós, áfach, ó Mheitheamh go Meán Fómhair gach bliain chun áiteanna scoile a aimsiú do leanaí ag a bhfuil RSO - go háirithe sa dara leibhéal - nár cuireadh san áireamh sa réamhaisnéisiú oifigiúil. Cuireann sé sin an-mhéid struis agus brú ar a dteaghlaigh. 

“Rinneamar roinnt moltaí inár dtuarascáil bhunaidh chun tabhairt faoi na fadhbanna sin, agus cé go ndearnadh dul chun cinn, ní leor dúinn an dul chun cinn sin, go háirithe maidir le dul i dteagmháil le leanaí ag a bhfuil RSO agus lena dteaghlaigh agus iad a tharraingt isteach sna cinntí a bhfuil tionchar acu orthu.

“Tá sé ríthábhachtach go mbíonn na sonraí cearta againn chun pleanáil ar aghaidh leordhóthanach le haghaidh áiteanna scoile a chumasú, ach tá sé tábhachtach chomh maith céanna chun oiriúnacht agus cáilíocht aistear an linbh aonair a rianú trí chóras na scoileanna.

“Agus muid ag tosú anois ar scoilbhliain eile agus athdhearbhú faighte againn ón Roinn go bhfuil áit scoile ag gach leanbh ag a bhfuil RSO ar a bhfuil aithne aici, caithfidh muid a bheith muiníneach freisin go bhfuil an áit sin oiriúnach don leanbh agus go bhfuil an áit ina c(h)eantar áitiúil. 

 “Mar shampla, tá a fhios againn go raibh ar 19,800 leanbh ag a bhfuil RSO i scoilbhliain 2023-24 úsáid a bhaint as an Scéim Iompair Scoile chun dul chun na scoile, méadú os cionn 2,000 leanbh ó foilsíodh ár dtuarascáil dheireanach. 

“Tugaimid faoi deara freisin go raibh méadú ar líon na leanaí ag a raibh rochtain ar scéim an Deontais um Theagasc sa Bhaile anuraidh mar gheall ar easpa áiteanna scoile oiriúnacha, ag méadú ó 69 sa scoilbhliain roimhe sin go 135. Moladh inár dtuarascáil bhunaidh nár cheart teagasc sa bhaile a úsáid ach mar a bhí beartaithe ina leith - mar bheart éigeandála sealadach agus uirlis na dála deiridh. Dá bhrí sin, is cúis an-díomá é an méadú sin agus taispeántar leis uair amháin eile gur gá tabhairt faoi na heasnaimh i samhaltú tuartha reatha na Roinne ar bhonn leordhóthanach agus chun bogadh go pleanáil ar aghaidh cuimsitheach do leanaí ag a bhfuil RSO.

“Rud atá ríthábhachtach, is gné bunúsach é go mbogtar go follasach i dtreo córas oideachais atá ionchuimsitheach ina iomláine. Cháin dhá Choiste NA Éire as sin (Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe um Chearta an Linbh (CNACL) agus an Cúnant Idirnáisiúnta ar Chearta Eacnamaíocha, Sóisialta agus Cultúrtha (CICESC)) ina gcuid iniúchtaí ar an Stát ó foilsíodh ár dtuarascáil bhunaidh. 

“Ní mór dúinn bheith ag obair i dtreo todhchaí ina dtéann leanaí uile atá ina gcónaí i bpobal tríd an ngeata scoile céanna agus ina dtugtar an t-eispéireas foghlama céanna dóibh i dtimpeallacht ina bhfreastalaítear ar a riachtanais ar leith. Is ansin amháin a bheimid in ann a rá go bhfuil córas oideachais fíor-ionchuimsitheach againn a bhfuil gach leanbh ina theideal.”

DEIREADH