Skip to main content

Tá tú anseo:

Éilíonn Idirbhliain i bhFócas, de chuid Oifig Ombudsman do Leanaí, rochtain chóir chothrom do gach leanbh

Fuair Oifig an Ombudsman do Leanaí (OCO) roinnt gearán faoi dhaoine óga ar diúltaíodh áit dóibh ar chlár Idirbhliana (IB) a scoile; de bharr iompair, meabhairshláinte nó míchumais i gcuid mhór cásanna. Tá tuismitheoirí, agus daoine óga iad féin, imníoch faoin easpa trédhearcachta agus cuir chuige neamhsheasmhacha maidir leis an dóigh a ndáiltear áiteanna don Idirbhliain.

Pléann Nuala Ward, an Stiúrthóir Imscrúduithe de chuid Oifig an Ombudsman do Leanaí, na cúiseanna imní a leagtar amach sa Tuarascáil Idirbhliain i bhFócas:

“Gan amhras, d’fhéadfadh an Idirbhliain a bheith ina bliain a athraíonn an saol do go leor scoláirí in Éirinn. Chualamar scéalta faoi leanaí cúthaile ag fás ina ndéagóirí muiníneacha, agus tá a fhios againn ó phobal na scoile gurb í an idirbhliain an bhliain is oiriúnaí do scoláirí nach n-éiríonn leo sna suíomhanna agus sna hábhair scoile ‘traidisiúnta’.

“Mar sin de, is ábhar imní é do go leor scoileanna nach bhfuil beartas iontrála na hIdirbhliana i gcónaí ar fáil go poiblí, agus nach bhfuil sé mar chuid de bheartas iontrála na scoile. Tá easpa trédhearcachta ann maidir leis an dóigh a roghnaítear daoine óga do chlár na hIdirbhliana nuair is mó an t-éileamh ná an soláthar. I gcuid mhór cásanna, ní féidir le tuismitheoirí nó scoláirí achomharc a dhéanamh i gcoinne an chinnidh.

“Is ábhar imní é costas na hIdirbhliana freisin. Is mór an difear idir scoileanna éagsúla agus i roinnt cásanna, fágtar leanaí as an áireamh, nó ní féidir leo a bheith rannpháirteach go hiomlán toisc nach bhfuil a dteaghlaigh in acmhainn íoc as, rud atá do-ghlactha.

“Is ábhar mór imní é freisin an teip ar shocruithe réasúnta a chur ar fáil do leanaí a bhfuil fadhbanna meabhairshláinte acu nó atá faoi mhíchumas nuair atá próiseas iomaíoch ann chun áit a fháil san Idirbhliain.

“Áirítear lenár dtuarascáil scéal Ben, duine óg a ndeachaigh a neamhláithreacht de bharr bulaíochta ina choinne agus é ag iarraidh áit a bhaint amach san Idirbhliain. Buailimid le Fatima freisin, duine óg ar a bhfuil siondróm Down, ar theip uirthi áit a bhaint amach san Idirbhliain tar éis do chúigear fásta í a chur faoi agallamh gan aon socruithe réasúnta.

“Bhí an OCO i dteagmháil leis an Roinn Oideachais a dúirt linn nach raibh a fhios acu go raibh fadhbanna ar bith maidir le rochtain na hIdirbhliana agus nach bhfuil ról ar leith acu faoi láthair i ndáileadh áiteanna ar chlár na hIdirbhliana scoile.

“D’fhoilsigh an Roinn a Ráiteas nuashonraithe ar Chlár na hIdirbhliana le déanaí. Beidh deis ag gach scoil iniúchadh a dhéanamh ar a tairiscint reatha don Idirbhliain agus í a athbhreithniú nuair is gá de réir Ráiteas an Chláir, ach ní caithfidh siad é seo a dhéanamh, agus ní iarrfaidh an Roinn orthu tuairisciú ar ais chuici. Creidimid gur féidir leis an Roinn níos mó a dhéanamh chun cinntiú go riarann scoileanna rochtain ar an Idirbhliain go cóir ionas nach gcaitear go míchothrom le haon leanbh.

“Tar éis 50 bliain den Idirbhliain agus 80% de scoláirí ag glacadh páirte, aithnímid luach na hIdirbhliana. Dúirt múinteoirí, tuismitheoirí agus daoine óga linn gurb í an idirbhliain a chuir bac orthu éirí as an scoil agus tá a fhios againn go mbaineann scoláirí tairbhe as Idirbhliain ó thaobh na hacadúlachta de.

“Tá a fhios againn go bhfuil áiteanna teoranta i roinnt scoileanna. Chun cinntiú go dtugtar meas ar chearta gach linbh, go gcosnaítear iad agus go gcomhlíontar iad, áfach, ní mór do scoileanna a chinntiú go bhfuil beartas iontrála Idirbhliana bunaithe ar chearta i bhfeidhm, agus go bhfuil sé ar fáil do scoláirí agus a dtuismitheoirí, agus go gcloítear leis seo mar is ceart. Is riachtanach freisin go leanann gach scoil a bhfuil ró-éileamh ar a Clár Idirbhliana próiseas achomhairc atá go hiomlán trédhearcach agus cóir.”

DEIREADH