Skip to main content

You are here:

Is é bainistiú péine an t-aon rogha atá ag othar scolóise Ivy agus drochbhail fós ar chúrsaí do leanaí in Éirinn

Chuir Ivy a gearán faoi bhráid Oifig an Ombudsman do Leanaí (OCO), tar éis di bheith ag fulaingt iarmhairtí sláinte fadtéarmacha mar gheall ar fheitheamh 5 bliana ar obráid scolóise agus de mhí-ádh níl sí ina hiarrthóir níos mó le haghaidh obráid iarchúraim a d’fhéadfadh a bheith ina feabhsúchán mór ar chaighdeán a beatha.  Taispeántar le nuashonrú ar chás Ivy*, a foilsíodh inniu, gur mheas dochtúirí go raibh sé ró-chontúirteach d’Ivy, atá 21 bhliain d’aois anois, dul faoi obráid cromáin atá nasctha lena scolóis.

Amhail Meán Fómhair 2024, tá 264 leanbh ann freisin atá fós ag fanacht ar obráid scolóise. Is cúis an-imní fós don OCO an cás foriomlán maidir le leanaí óna dteastaíonn obráid scolóise in Éirinn. Níl an gealltanas maidir le feitheamh 4 mhí, arna thabhairt ag Simon Harris in 2017 nuair a bhí sé ina Aire Sláinte ag an am sin, á chomhlíonadh do gach leanbh agus tá fadhbanna sláinte na leanaí ag éirí níos measa mar thoradh air sin.

Agus é ag labhairt faoinár Nuashonrú ar imscrúdú Ivy, dúirt an tOmbudsman do Leanaí, an Dr Niall Muldoon:

“Tharla go leor rudaí ó d’fhoilsíomar ár gcéad imscrúdú ar chás Ivy i Meitheamh seo caite agus mar gheall orthu sin baineadh den mhuinín i seirbhísí cóireála scolóise do leanaí in Éirinn.

Ní amháin gur cúis imní iad na nochtuithe maidir le húsáid gaireas neamhcheadúnaithe in obrádlanna agus an nuacht le fíorghairid go bhfuil seans ann nár caitheadh airgead a bhí beartaithe le haghaidh obráidí scolóise go ceart, ach tá siad an-díobhálach do chaidrimh idir na páirtithe lena mbaineann. Rinneadh naoi n-athbhreithniú agus n-iniúchadh éagsúla a choimisiúnú ach níl aon fhóram stuama ann chun an fhoghlaim sin a chomhtháthú.

“Foilsítear ár nuashonrú ar chás Ivy inniu ag tráth nuair atá an cás do leanaí óna dteastaíonn obráid scolóise in Éirinn fós go dona ar fad. “Foilsítear é freisin agus olltoghchán romhainn agus tá riosca ann go mbainfear an tsaincheist seo de liosta na dtosaíochtaí uair amháin eile.

“Tá a fhios againn go raibh 264 leanbh ann amhail Meán Fómhair a bhí fós ag fanacht ar an gcóireáil ríthábhachtach seo, agus d’fhéadfadh a gcuid fadhbanna sláinte a bheith ag éirí níos measa mar thoradh air sin. Níor leithdháileadh maoiniú sainiúil ar bith do scolóis i mBuiséad 2025.

“Rinne CHI dul chun cinn áirithe maidir le cuid de na moltaí a rinneamar maidir le cás Ivy agus cuirimid fáilte roimhe sin, ach bhí cuid mhór dár moltaí thar a bheith bunúsach e.g. cumarsáid le tuismitheoirí agus foireann ildisciplíneach a bheith i bhfeidhm aige. Ní raibh na struchtúir i riarachán agus i bpleanáil maith go leor. Ní mór do CHI féachaint chuige anois go mbeidh iarmhairt iarmhartach dhearfach ar leanaí ag na hiarrachtaí sin chun na nithe bunúsacha a fheabhsú.

“Tugaimid faoi deara freisin, mar thoradh ar na nochtuithe sin, gur briseadh an mhuinín sa chaidreamh a bhí achrannach cheana féin idir CHI agus roinnt de na grúpaí tacaíochta agus na leanaí agus na teaghlaigh a ionadaíonn siad. Gríosaímid CHI chun céimeanna a ghlacadh sin a réiteach ar mhaithe leis na leanaí óna dteastaíonn obráid scolóise.

“Maidir le Ivy agus a teaghlach, ar an drochuair leanann na streachailtí míochaine ar aghaidh agus beidh sé riachtanach iad a bhainistiú thar chúrsa a saoil.

“Táimid thar a bheith buíoch díobh as a dtiomantas d’aird a dhíriú ar na deacrachtaí atá ag leanaí eile maidir le rochtain a fháil ar chóireáil atá tráthúil agus comhordaithe do chúram Scolóise.”

DEIREADH

www.oco.ie/