Tá tú anseo:
Beartas Seachtrach na Meán Sóisialta
August 2026
Beartas Seachtrach na Meán Sóisialta
Bealtaine, 2026
Is eagraíocht neamhspleách um chearta an duine í Oifig an Ombudsman do Leanaí (OCO).
Tá dhá phríomhról againn:
- déileáil le gearáin a dhéanann leanaí agus daoine óga, nó a dhéantar thar a gceann, faoi ghníomhartha eagraíochtaí poiblí; agus
- cearta agus leas leanaí agus daoine óga faoi 18 mbliana d’aois atá ina gcónaí in Éirinn a chur chun cinn.
Aithníonn OCO an tábhacht a bhaineann leis na meáin shóisialta chun tuairimí an phobail faoinár n-eagraíocht a mhúnlú. Is uirlis thábhachtach chumarsáide í trína ndéanaimid:
- Aithníonn OCO an tábhacht a bhaineann leis na meáin shóisialta chun tuairimí an phobail faoinár n-eagraíocht a mhúnlú. Is uirlis thábhachtach chumarsáide í trína ndéanaimid:
- nuashonruithe nó faisnéis a sholáthar faoi ghníomhaíochtaí agus seirbhísí OCO
- nuashonruithe nó faisnéis a sholáthar faoi ghníomhaíochtaí agus seirbhísí OCO
- dul i dteagmháil le páirtithe leasmhara an OCO agus le baill den phobal trí bheartais, foilseacháin agus seasaimh an OCO a chur chun cinn maidir le saincheisteanna a bhaineann lenár gcuid oibre agus le cearta leanaí
- eolas a thabhairt, tionchar a imirt agus oideachas a chur ar dhaoine faoi sheasaimh OCO maidir le cinntí beartais agus saincheisteanna atá tábhachtach don phobal agus do chearta leanaí
- cáil OCO a chosaint ar líne
- freagairt agus dul i mbun teagmhála ar bhealach éifeachtúil, cuí agus tráthúil
Cainéil oifigiúla meán sóisialta OCO
Déanann aonad cumarsáide OCO bainistiú ar Ardáin OCO le linn uaireanta gnó ó Luan go hAoine ach d’fhéadfaidís oibriú lasmuigh de na huaireanta sin freisin nuair is gá.
Tá OCO gníomhach ar:
Instagram – @ombudsmanforchildrensoffice
Facebook – facebook.com/OCOIreland
LinkedIn – The Ombudsman for Children’s Office
BlueSky – @ocoireland.bsky.social
YouTube – @OCOIreland
*X- @OCO_Ireland
*Ó 2026, níl OCO ag postáil ábhair a thuilleadh ar X Táimid ag coimeád ár láithreachta ar an suíomh chun sláine ár n-ainm úsáideora a chinntiú. Lean cainéil eile OCO, le do thoil, chun fanacht i dteagmháil.
Tabhair faoi deara, le do thoil, nach féidir linn freagra a thabhairt ar ghearáin a dhéantar trínár gcuntais mheán sóisialta. Chun tuilleadh eolais a fháil ar conas gearán a dhéanamh agus ar na cineálacha gearán is féidir leat a dhéanamh, tabhair cuairt, le do thoil, ar complaints
Na rudaí a phostálaimid
Má leanann tú aon cheann de chuntais OCO, is féidir leat a bheith ag súil le grianghraif, físeáin, postálacha agus nuashonruithe a fheiceáil ar aon cheann nó ar gach ceann díobh seo a leanas:
- Foilseacháin agus tuarascálacha OCO
- Imeachtaí OCO
- Ceardlanna OCO agus idirghníomhaíochtaí le daoine óga
- Ráitis OCO
- Rannpháirtíocht le páirtithe leasmhara
I gcás ina n-áirítear leanaí nó daoine óga san ábhar, cinnteoidh an OCO go mbeidh toiliú cuí faighte ón leanbh nó ón duine óg agus ó thuismitheoir nó ó chaomhnóir (nuair atá an leanbh faoi bhun 16 bliana d’aois).
Cosnaítear dínit, príobháideachas agus leas an linbh i gcónaí. Seachnóidh an OCO faisnéis aitheantais a roinnt nuair nach bhfuil gá léi agus glacfaidh sé gach céim réasúnach chun a chinntiú go ndéantar ionadaíocht ar leanaí agus ar dhaoine óga ar bhealach sábháilte, measúil. Forchoimeádann an OCO an ceart teorainn a chur le tuairimí, le freagraí agus le hidirghníomhaíochtaí ar aon ábhar meán sóisialta de chuid an OCO.
Níl an OCO freagrach as úsáid a bhaineann tríú páirtithe as ár n-ábhar meán sóisialta gan ár gcead.
Comhroinnt agus Athphostálacha
Ní formhuiniú ar thuairim nó ar thrácht iad comhroinnt ná athphostálacha. Déanfaidh an OCO faisnéis ó ranna Rialtais, NGOana , nó ó pháirtithe leasmhara a chomhroinnt agus a athphostáil ó am go chéile nuair a mheastar í a bheith ábhartha dár gcuid oibre agus do chearta leanaí Is é an t-aonad cumarsáide a dhéanann cinntí maidir le hábhar a roinnt, ar bhonn cás ar chás.
Freagraí agus teachtaireachtaí díreacha
Ní féidir linn freagraí ná aiseolas a sholáthar ar gach teachtaireacht dhíreach agus ar gach trácht, agus tá freagra uathoibrithe i bhfeidhm againn. Má tá gearán agat, is féidir leat aon cheisteanna ginearálta a sheoladh chuig oco@oco.ie.
Ní úsáideann an OCO cainéil mheán sóisialta chun gearáin ná sonraí pearsanta íogaire a phróiseáil. Moltar d’úsáideoirí gan faisnéis phearsanta, rúnmhar nó íogair (lena n-áirítear sonraí a bhaineann le leanaí nó le gearáin) a roinnt trí thráchtanna, trí theachtaireachtaí díreacha nó trí fhreagraí. Ní phróiseálfar aon fhaisnéis den sórt sin a fhaightear trí na meáin shóisialta agus d’fhéadfaí úsáideoirí a atreorú chuig cainéil oifigiúla chuí.
Tuairisciú / Blocáil
Forchoimeádann an OCO an ceart na nithe seo a leanas a thuairisciú d’ardáin chuí meán sóisialta agus úsáideoirí a bhlocáil nuair is gá:
- cuntais a dhéanann aithris ar Oifig an Ombudsman do Leanaí nó ar an bPríomh-Ombudsman do Leanaí ar bhealach ar bith
- ní ghlacfar le turscar ná le postálacha, le comhroinnt ná le tráchtanna maslacha, agus tuairisceofar agus bainfear/cuirfear i bhfolach iad
Ina theannta sin, forchoimeádann an OCO an ceart ábhar a bhaint, a chur i bhfolach nó a thuairisciú, ar ábhar é:
- a chuimsíonn faisnéis phearsanta nó íogair a bhaineann le leanbh nó le tríú páirtí
- atá clúmhillteach, idirdhealaitheach, fuafar nó a ghríosaíonn chun dochair
- atá míthreorach nó bréagach d’aon ghnó
- atá neamhábhartha, cur chun cinn (poiblíochta) nó is turscar é
- a sháraíonn príobháideachas nó cearta daoine eile
Cosaint Sonraí
Aithnímid go mbaineann leibhéil éagsúla riosca le hardáin meán sóisialta ó thaobh cosaint sonraí, cumhdach agus rialachas de. Déanfaidh an OCO athbhreithniú leanúnach ar an úsáid a bhaineann sé as ardáin mheán sóisialta lena chinntiú go mbeidh sé ag teacht le hoibleagáidí cosanta sonraí, le beartas an Rialtais, agus le leas na leanaí agus na ndaoine óga. Áirítear leis sin machnamh a dhéanamh ar oiriúnacht ardán inar bhféadfadh rioscaí d’úsáideoirí nó do chaighdeáin chosanta sonraí teacht chun cinn.
Foireann OCO
D’fhéadfadh cuntais phearsanta meán sóisialta a bheith ag foireann OCO. Mar sin féin, ba cheart aon chumarsáid atá beartaithe d’Oifig an Ombudsman do Leanaí a dhéanamh trínár gcainéil oifigiúla meán sóisialta nó trí sheoltaí ríomhphoist.
Ní ghlacann foireann OCO páirt i bplé, i dtráchtaireacht ná i bhfreagraí maidir le gnó, le beartais ná le cásanna OCO trí chuntais phearsanta meán sóisialta. Déantar é seo chun a chinntiú go bhfuil gach faisnéis a sholáthraítear cruinn, comhsheasmhach agus bainistithe trí chainéil oifigiúla.
- Lúnasa 2026